Faigheann tú maoiniú, céard a tharlóidh ansin?
Má éiríonn le d’iarratas, seolfaimid ríomhphost chugat leis an méid a leanas a mhíniú:
- Conas glacadh le tairiscint maoinithe.
- Téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe.
- Conas íocaíocht a iarraidh.
- Na doiciméid nach mór duit a chur ar fáil le híocaíocht a fháil.

Teimpléid íocaíochta
Éilítear ort de réir na scéimeanna uile doiciméadacht a chur isteach ina dtaispeántar an chaoi ar úsáid tú an maoiniú. Tá teimpléid againn is féidir leat a úsáid le haghaidh an chuid is mó doiciméad.
Is éagsúil ó scéim amháin go chéile iad na doiciméid a éilímid ort, ach is minic a áirítear leo Foirm Thuairisce agus faisnéis airgeadais (amhail Cuntas Ioncaim agus Caiteachais).
Ní mór na doiciméid a chur isteach trí do chuntas Seirbhísí ar Líne.
Roghnaigh do scéim maoinithe ón liosta thíos leis an teimpléad (na teimpléid) ábhartha a íoslódáil agus a chomhlánú.

An féidir linn cabhrú leat?
Déan teagmháil leis an bhfoireann íocaíochtaí mura dtugtar freagra ar d’fhiosrú sa treoir maidir le híocaíocht maoinithe.
payments@artscouncil.ie
01 6180 200
Ní mór d’iarratasóirí rathúla ar dhámhachtainí ón gComhairle Ealaíon tuairisciú ar úsáid a ndámhachtana agus admhálacha nó faisnéis airgeadais eile a sholáthar i gcás inarb iomchuí. Gheobhaidh tú dhá dhoiciméad le do litir thairisceana ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile faoinar gá duit a dhéanamh leis an airgead a tharraingt anuas ón gComhairle Ealaíon: treoir maidir le híocaíochtaí agus téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe ón gComhairle Ealaíon. Ní mór an fhoirm thuairisce a chur isteach i dteannta d’iarratais chun an tráthchuid deiridh de do mhaoiniú a tharraingt anuas.
D’fhonn an tráthchuid deiridh de na dámhachtainí a leanas a fháil, ní mór duit Foirm Thuairisce a uaslódáil.
Dámhachtain Sparánachta, Dámhachtain Lúfaireachta, Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile, Coimisiúin
Foirm Thuairisce ar Dhámhachtainí
D’fhonn an tráthchuid deiridh de na dámhachtainí a leanas a fháil, ní mór duit cuntas Ioncaim & Caiteachais (I&C) a uaslódáil i dteannta na Foirme Tuairisce.
Scéimeanna Amharclannaíochta, Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht, Dámhachtain Chómhaoinithe
D’fhonn an chéad tráthchuid de do Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach:
1. Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí: is foirm riachtanach í cé acu a fuair nó nach bhfuair tú maoiniú ar shaothar atá ábhartha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Le treoracha a íoslódáil maidir le conas Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar an nasc a leanas: Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta.
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona a fháil, ní mór duit roinnt doiciméad a chur isteach, lena náirítear na cinn a leanas:
1. Foirm thuairisce: ní mór síniú a chur le foirm thuairisce chomhlánaithe, lena náirítear rannóg dearbhaithe ráthaíochta, agus í a chur isteach trí mheán Seirbhísí ar Líne. *Leis an bhfoirm a íoslódáil, cliceáil ar an nasc a leanas: Foirm Thuairisce
2. M45: i gcás gurb ionann an méid a thairgtear agus €100,000 nó níos mó, ní mór duit cuntas ioncaim agus caiteachais a chur ar fáil arna ullmhú ar bhonn M45 – Éilimh Dheontais – Ráiteas Teicniúil Ilghnéitheach. Caithfear é seo a sheoladh isteach trí sheirbhísí ar líne. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh faisnéise a fháil: M45
3. Cuntas ioncaim agus caiteachais a ullmhaítear agus lena gcuirtear síniú de réir luach do dhámhachtana, ní mór é a chur isteach trí mheán Seirbhísí ar Líne. Féach ar chodanna 16 agus 17 den doiciméad dar teideal Coinníollacha maidir le Cúnamh Airgeadais leis na riachtanais shainiúla a fháil. Ní mór an cuntas caiteachais agus ioncaim a chruthú trí úsáid a bhaint as an tairseach Tuairisc ar Ghníomhaíochtaí Ealaíon (AAR) Ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon ag: aar.artscouncil.ie
An Chéad Íocaíocht
D’fhonn an chéad tráthchuid de do mhaoiniú faoi Scéim na nEalaíon sa Luathfhoghlaim agus i gCúram Leanaí a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach:
Meabhrán Tuisceana
Iarrtar ort Meabhrán Tuisceana (MT) cothrom le dáta idir na suíomhanna comhpháirtíochta agus an t-ealaíontóir nó eagras ealaíon a chur ar fáil. Ba cheart go léireodh sé seo an stádas reatha agus an comhaontú atá i réim anois agus an maoiniú dearbhaithe. Tá an teimpléad MT ar fáil lena íoslódáil anseo. Más amhlaidh go bhfuil níos mó ná doiciméad amháin MT agat, scantar in éineacht iad agus uaslódáil mar dhoiciméad PDF aonair iad.
Ioncam & Caiteachas Athbhreithnithe
Más amhlaidh gur tairgeadh suim duit is éagsúil leis an tsuim a iarradh, nó má sonraíodh mar riachtanas é i do litir thairisceana, iarrtar ort foirm ioncaim agus caiteachais réamh-mheasta athbhreithnithe a sholáthar agus breac-chuntas a thabhairt ar aon athruithe ar do thogra. Is féidir é seo a chur isteach trí ríomhphost.
Foirm Féin-Iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí
Éileofar an méid seo nuair a bheidh maoiniú faighte agat as saothar lena mbaineann leanaí agus daoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Le treoracha a íoslódáil maidir le conas Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar an nasc a leanas: Conas an Féin-Iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta – Cosaint agus Leas Leanaí a chomhlánú
Le do thráthchuid deiridh a fháil, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
Foirm Thuairisce, ar fáil sna seachtainí beaga amach romhainn. Caithfear d’fhoirm thuairisce chomhlánaithe, ina gcuimsítear rannóg Dearbhaithe Ráthaíochta, a shíniú agus a chur isteach trí mheán seirbhísí ar líne.
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais, a bheidh ar fáil sna seachtainí beaga amach romhainn, a ullmhaítear agus lena gcuirtear síniú de réir luach do dhámhachtana, ní mór é a chur isteach trí mheán seirbhísí ar líne. Ceadaigh an doiciméad Coinníollacha maidir le Cúnamh Airgeadais le faisnéis a fháil faoi na riachtanais shainiúla.
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do mhaoiniú faoin Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne a fháil, ní mór duit na doiciméid a leanas a chur isteach.
Foirm Thuairisce don Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Teimpléad Ioncaim agus Caiteachais don Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
D’fhonn an chéad tráthchuid de do mhaoiniú a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach:
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí: is foirm riachtanach í cé acu a fuair nó nach bhfuair tú maoiniú ar shaothar atá ábhartha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Le treoracha a íoslódáil maidir le conas Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar an nasc a leanas: Conas an Féin-Iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta – Cosaint agus Leas Leanaí a chomhlánú.
D’fhonn do dhara híocaíocht bhliantúil (má fhaigheann tú clár maoinithe trí bliana) nó an íocaíocht deiridh (má fhaigheann tú dámhachtain taighde) a tharraingt anuas, éilítear ort Foirm Thuairisce a bhfuil do shíniú curtha léi, agus tuarascáil Ioncaim agus Caiteachais a bhfuil do shíniú curtha léi a chur isteach. Leis na foirmeacha a íoslódáil, cliceáil ar an nasc thíos:
Scoileanna Ildánacha 2024
Seo thíos na teimpléid íocaíochta le haghaidh scoileanna a chuaigh isteach sa chlár in 2024.
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do mhaoiniú Scoileanna Ildánacha a fháil, ní mór duit na trí dhoiciméad a leanas a chur isteach. Cabhróidh an fhaisnéis a thugann tú linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den scéim seo.
Scoileanna Ildánacha 2023
Seo thíos na teimpléid íocaíochta le haghaidh scoileanna a chuaigh isteach sa chlár in 2023.
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do mhaoiniú Scoileanna Ildánacha a fháil, ní mór duit na trí dhoiciméad a leanas a chur isteach. Cabhróidh an fhaisnéis a thugann tú linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den scéim seo.
Scoileanna Ildánacha 2022
Seo thíos na teimpléid íocaíochta le haghaidh scoileanna a chuaigh isteach sa chlár in 2022
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do mhaoiniú Scoileanna Ildánacha a fháil, ní mór duit na trí dhoiciméad a leanas a chur isteach. Cabhróidh an fhaisnéis a thugann tú linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú le haghaidh babhtaí eile den scéim seo.
D’fhonn do mhaoiniú a tharraingt anuas le haghaidh Oíche Chultúir Dhéanach, lean an treoraíocht thíos.
Le do chéad tráthchuid a fháil, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
Foirm Féin-Iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí: ceistneoir ina ndeimhnítear go gcomhlíonann tú do chuid oibleagáidí i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha agus treoraíocht náisiúnta maidir le coimirciú leanaí. Ní mór duit an fhoirm seo a chomhlánú agus uaslódáil trí mheán seirbhísí ar líne cé acu a fuair nó nach bhfuair tú maoiniú ar shaothar atá ábhartha don aoisghrúpa seo. Is féidir leat an fhoirm féin-iniúchta a chomhlánú anseo: https://childprotection.artscouncil.ie/Login
Le do thráthchuid deiridh a fháil, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
Foirm Thuairisce
Caithfear d’fhoirm thuairisce chomhlánaithe, ina gcuimsítear rannóg Dearbhaithe Ráthaíochta, a shíniú agus a chur isteach trí mheán seirbhísí ar líne.
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais
Do Chuntas Ioncaim agus Caiteachais comhlánaithe, a ullmhaítear agus lena gcuirtear síniú de réir luach do dhámhachtana, ní mór é a chur isteach trí mheán seirbhísí ar líne.
An Chéad Íocaíocht
D’fhonn an chéad tráthchuid de do mhaoiniú faoin Scéim Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach:
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí: is foirm riachtanach í cé acu a fuair nó nach bhfuair tú maoiniú ar shaothar atá ábhartha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Le treoracha a íoslódáil maidir le conas Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil an nasc a leanas: Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta.
Íocaíocht Deiridh
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do mhaoiniú faoin Scéim Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa a fháil, ní mór duit cuntas ioncaim agus caiteachais agus foirm thuairisce ar dhámhachtainí a chur isteach trí mheán do chuntais seirbhísí ar líne:
Glac roinnt ama chun foirm thuairisce Deis agus Thaifeadadh Deis a chomhlánú agus cuir isteach trí mheán an láithreáin seirbhísí ar líne í nuair a bheidh d’íocaíocht deiridh á hiarraidh agat. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú agus feabhsú a dhéanamh ar cháilíocht ár gcuid tacaíochtaí do bhabhtaí eile de na scéimeanna. Ní mór duit cuntas ioncaim agus caiteachais a chur isteach freisin, nach mór a bheith sínithe ag duine a bhfuil údarás aige/aici maidir leis an tionscadal. Ba cheart an chóip a bhfuil síniú curtha léi a scanadh agus a uaslódáil trí mheán láithreán na seirbhísí ar líne ag an tráth céanna.
Chun an fhoirm thuairiscithe agus an teimpléad ioncaim agus caiteachais a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Foirm thuairisce Dámhachtainí Deis agus Dámhachtainí Deis um Thaifeadadh agus Foilseacháin
Dearadh an Fhoirm Thuairisce maidir le Costais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas le faisnéis a bhailiú faoi na tacaíochtaí a chuirfear ar fáil le Costais Phearsanta Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas de chuid na Comhairle Ealaíon.
I gcás Costais Rochtana Phearsanta do Dhaoine faoi Mhíchumas atá os cionn €1,500, ní féidir linn ach an tráthchuid dheireanach a íoc nuair a fhaighimid do Thuarascáil um Chostais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas chomhlánaithe.
Leis an bhfoirm thuairisce a íoslódáil, cliceáil ar an nasc a leanas:
Foirm Thuairisce maidir le Costais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas
An Chéad Íocaíocht
D’fhonn an chéad tráthchuid de do dheontas faoi Scéim Infheistíochta na bhFéilte a fháil, caithfidh tú na nithe seo a leanas a chur isteach:
Plean agus Buiséad Athbhreithnithe — Éilítear ar iarratasóirí rathúla achoimre ghairid a chur ar fáil ar na hathruithe a dhéanfaidh tú ar do thogra bunaidh. Is féidir leat an teimpléad a íoslódáil anseo:
Teimpléad Plean Athbhreithnithe FIS 2024
Teimpléad Plean Athbhreithnithe FIS 2025
Íocaíocht Deiridh
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do dheontas faoi Scéim Infheistíochta na bhFéilte a fháil, ní mór duit foirm thuairisce agus cuntas ioncaim agus caiteachais a chur isteach trí mheán do chuntais seirbhísí ar líne. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú do bhabhtaí eile den scéim.
Chun na teimpléid a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Foirm Thuairisce do Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2024
D’fhonn do chéad íocaíocht a tharraingt anuas, éilítear ort Tuarascáil Bhuiséid Athbhreithnithe a chur isteach. D’fhonn d’íocaíocht deiridh a tharraingt anuas, éilítear ort Tuarascáil DEIRIDH Ioncaim agus Caiteachais a sheoladh isteach, mar aon le Foirm Thuairisce.
Le gach foirm a íoslódáil, cliceáil ar na naisc thíos:
In The Open / Faoin Spéir – Buiséad Athbhreithnithe
In The Open / Faoin Spéir – Tuarascáil Deiridh Ioncaim & Caiteachais
D’fhonn d’íocaíocht deiridh a tharraingt anuas, beidh ort cuntas ioncaim agus caiteachais a sheoladh isteach, mar aon le foirm thuairisce.
Leis an bhfoirm a íoslódáil, cliceáil ar an nasc thíos:
An Chéad Íocaíocht
D’fhonn an chéad tráthchuid de do Mhaoiniú Gairme Oscailte a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach:
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí: is foirm riachtanach í cé acu a fuair nó nach bhfuair tú maoiniú ar shaothar atá ábhartha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Le treoracha a íoslódáil maidir le conas Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar an nasc a leanas: Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta.
Teimpléad Buiséid Athbhreithnithe Gairme Oscailte. Éilítear ar fhaighteoirí dámhachtainí buiséad tionscadail nuashonraithe a chur ar fáil. Is féidir leat an teimpléad a íoslódáil anseo: Teimpléad Buiséid Athbhreithnithe Gairme Oscailte
Plean mionsonraithe don tionscadal agus plean margaíochta/rannpháirteachais. Ní mór é seo a chur isteach trí sheirbhísí ar líne. Ní éilítear aon teimpléad sonrach.
Comhaontuithe comhpháirtithe deiridh agus a bhfuil ainm curtha leo lena náirítear faisnéis maidir le cineál an chaidrimh airgeadais (gan feidhm acu ach amháin maidir leis na faighteoirí a fhaigheann os cionn 100k). Ní mór é seo a chur isteach trí sheirbhísí ar líne. Ní éilítear aon teimpléad sonrach.
Dara hÍocaíocht
D’fhonn an dara tráthchuid de do Mhaoiniú Gairme Oscailte a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach:
Tuairisc ghairid eatramhach tionscadail ina dtugtar breac-chuntas ar an dul chun cinn go dtí seo agus ar athruithe ar an bpleanáil nó ar an mbuiséadú tionscadail. Ní mór é seo a chur isteach trí sheirbhísí ar líne. Ní éilítear aon teimpléad sonrach.
An Tríú hÍocaíocht
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do mhaoiniú Gairme Oscailte a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach trí mheán do chuntais seirbhísí ar líne:
Foirm Thuairisce Gairme Oscailte. Is féidir leat an teimpléad a íoslódáil anseo: Foirm Thuairisce Gairme Oscailte
Foirm Thuairiscithe Lucht Féachana Gairme Oscailte. Is féidir leat an teimpléad a íoslódáil anseo: Foirm Thuairiscithe Lucht Féachana Gairme Oscailte
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Gairme Oscailte. Is féidir leat an teimpléad a íoslódáil anseo: Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Gairme Oscailte
Snáithe 1 & 2 (Tionscadail Cheoldrámaíochta)
Íocaíocht deiridh
Ní mór d’fhaighteoirí na Dámhachtana do Thionscadail & Léiriú Ceoldrámaíochta an méid a leanas a chur isteach d’fhonn an íocaíocht deiridh a tharraingt anuas. Leis an bhfaisnéis seo tabharfar sonraí fíriciúla tábhachtacha don Chomhairle Ealaíon maidir le figiúirí i léiriúchán ceoldrámaíochta agus lucht féachana ceoldrámaíochta.
Foirm Thuairisce
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais a ullmhaítear agus lena gcuirtear síniú de réir luach do dhámhachtana
Chun iad a íoslódáil cliceáil ar na naisc thíos:
Dheontais M45– I gcás inarb ionann an dámhachtain agus €100,000 nó níos mó, caithfear an cuntas ioncaim agus caiteachais a ullmhú ar bhonn na nÉileamh ar Dheontais M45– Ráiteas Teicniúil Ilghnéitheach.
Foirm Thuairisce ar Dhámhachtainí OPP
Teimpléad Thuairisc Ioncaim & Caiteachais OPP Snáithe 1
Teimpléad Thuairisc Ioncaim & Caiteachais OPP Snáithe 2
Snáithe 3 (Tionscadail Cheoldrámaíochta)
An Chéad Íocaíocht
Mar aon leis na riachtanais chánach agus bhainc, caithfidh tú na cáipéisí seo a leanas a chur isteach ar sheirbhísí ar líne chun an chéad íocaíocht a fháil:
Comhaontuithe comhpháirtithe deiridh agus a bhfuil ainm curtha leo lena náirítear faisnéis maidir le cineál an chaidrimh airgeadais.
Plean mionsonraithe don tionscadal, lena náirítear buiséad athbhreithnithe.
Plean margaíochta.
Íocaíocht deiridh
Ní mór d’fhaighteoirí na Dámhachtana do Thionscadail & Léiriú Shnáithe 3 an méid a leanas a chur isteach d’fhonn an íocaíocht deiridh a tharraingt anuas. Leis an bhfaisnéis seo tabharfar sonraí fíriciúla tábhachtacha don Chomhairle Ealaíon maidir le figiúirí i léiriúchán ceoldrámaíochta agus lucht féachana ceoldrámaíochta.
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Shnáithe 3* (áirítear leis sin cuid Dearbhaithe Ráthaíochta nach mór síniú a bheith curtha leis): a ullmhaítear agus lena gcuirtear síniú de réir luach do dhámhachtana. Ceadaigh an doiciméad Coinníollacha maidir le Cúnamh Airgeadais le faisnéis a fháil faoi na riachtanais shainiúla.
Tuairisc mhionsonraithe tionscadail ina bhfuil an méid a leanas san áireamh:
Cuntas iomlán ar gach gné den tionscadal ó thaobh na healaíne, an airgeadais agus na margaíochta de
Sceideal Tionscadail
Achoimre ar fhreagairt chriticiúil agus an lucht féachana
Léargas ar cé acu a cuireadh an tionscadal i gcrích de réir mar a bhí beartaithe nó nár cuireadh
Foirm Thuairisce ar Lucht Féachana/Éisteachta arna comhlánú*
Foirm Thuairisce ar Dhámhachtainí OPP arna comhlánú*
M45: I gcás gurb ionann an méid a thairgtear agus €100,000 nó níos mó, ní mór duit cuntas ioncaim agus caiteachais a chur ar fáil arna ullmhú ar bhonn M45 – Éilimh Dheontais – Ráiteas Teicniúil Ilghnéitheach. Caithfear é seo a sheoladh isteach trí sheirbhísí ar líne. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh faisnéise a fháil: Éilimh ar Dheontais M45
Leis an teimpléad a íoslódáil, cliceáil ar an nasc a leanas:
Teimpléad Thuairisc Ioncaim & Caiteachais OPP Shnáithe 3
Foirm Thuairisce Lucht Féachana don Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
D’fhonn d’íocaíocht deiridh a tharraingt anuas, beidh ort cuntas ioncaim agus caiteachais a sheoladh isteach, mar aon le foirm thuairisce.
Leis na foirmeacha a íoslódáil, cliceáil ar na naisc thíos:
D’fhonn do chéad íocaíocht a tharraingt anuas, éilítear ort teimpléad buiséid athbhreithnithe a chur isteach. D’fhonn d’íocaíocht deiridh a tharraingt anuas, éilítear ort foirm thuairisce chaighdeánach dámhachtainí agus tuairisc ioncaim agus chaiteachais a chur isteach. Ní mór an méid sin a bheith deimhnithe ag cuntasóir sna cásanna inar mó an méid arna thairiscint ná €25,000. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú agus feabhsú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí do bhabhtaí níos moille den scéim.
Leis na foirmeacha a íoslódáil, cliceáil ar na naisc thíos:
Buiséad Athbhreithnithe don Tionscadal Amharclannaíochta
Foirm Thuairisce ar Dhámhachtainí
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais don Tionscadal Amharclannaíochta
D’fhonn do chéad íocaíocht a tharraingt anuas, éilítear ort an teimpléad athbhreithnithe buiséid agus plean a chur isteach. Leis an bhfoirm a íoslódáil, cliceáil ar an nasc thíos:
Doiciméad an Teimpléid don Bhuiséad agus Plean Athbhreithnithe le haghaidh Camchuairteanna
Meabhrán Tuisceana maidir le Camchuairteanna
Tá an fhoirm thuairisce faoi chamchuairteanna beartaithe le taifead fíorasach a chur ar fáil don Chomhairle Ealaíon faoi fhigiúirí lucht féachana agus méideanna ó oifig na dticéad. D’fhonn d’íocaíocht deiridh a tharraingt anuas, éilítear ort an doiciméad seo a chur isteach i dteannta cuntas ioncaim agus caiteachais arna dheimhniú ag cuntasóir. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú agus feabhsú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí do bhabhtaí níos moille den scéim.
Leis na foirmeacha a íoslódáil, cliceáil ar na naisc thíos:
Foirm Thuairisce Camchuairteanna
Teimpléad Ioncaim agus Caiteachais Camchuairteanna
An Chéad Íocaíocht
D’fhonn an chéad tráthchuid de do mhaoiniú Ensembles na nÓg a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach:
Breac-Chuntas Athbhreithnithe — Ní mór d’iarratasóirí rathúla breac-chuntas a thabhairt ar na hathruithe a dhéanfaidh siad ar a dtogra bunaidh chun cloí le treoirlínte sláinte poiblí maidir le COVID-19. Is féidir leat an teimpléad a íoslódáil anseo: Teimpléad Breac-Chuntais Athbhreithnithe do Scéim Ensembles na nÓg 2021.
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí — Tá sí seo ag teastáil má fuair tú maoiniú d’obair lena mbaineann leanaí agus daoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Le treoracha a íoslódáil maidir le conas Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar an nasc a leanas: Conas an Féin-Iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta – Cosaint agus Leas Leanaí a chomhlánú.
Íocaíocht Deiridh
D’fhonn an tráthchuid deiridh de do mhaoiniú faoi Scéim Ensembles na nÓg a fháil, ní mór duit foirm thuairisce agus cuntas ioncaim agus caiteachais a chur isteach trí mheán do chuntais seirbhísí ar líne. Cabhróidh do chuid faisnéise linn doiciméadú a dhéanamh ar ár gcuid tacaíochtaí agus a gcáilíocht a fheabhsú do bhabhtaí eile den scéim.
Chun na teimpléid a íoslódáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Foirm Thuairisce do Scéim Ensembles na nÓg
Teimpléad ioncaim agus caiteachais do Scéim Ensembles na nÓg
An Chéad Íocaíocht
D’fhonn an chéad tráthchuid de do chónaitheachtaí Daoine Óga, Leanaí agus Oideachais a fháil, ní mór duit an méid a leanas a chur isteach:
Cónaitheachtaí DÓLO: Meabhrán Tuisceana. Meabhrán Tuisceana (MT) cothrom le dáta idir an óst-institiúid agus an t-ealaíontóir nó eagraíocht ealaíon. Ba cheart go léireodh sé seo an stádas reatha agus an comhaontú atá i réim anois agus an maoiniú dearbhaithe.
Is féidir an MT a íoslódáil anseo
Foirm Féin-iniúchta um Chosaint agus Leas Leanaí — Tá sí seo ag teastáil má fuair tú maoiniú d’obair lena mbaineann leanaí agus daoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Caithfear an fhoirm PDF a chomhlánú, a shíniú agus a chur isteach trí na seirbhísí ar líne. Le treoracha a íoslódáil maidir le conas Cosaint agus Leas Leanaí – Féin-iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta a rochtain, cliceáil ar an nasc a leanas: Conas an Féin-Iniúchadh i gcomhair Dearbhú Cáilíochta – Cosaint agus Leas Leanaí a chomhlánú
Dara hÍocaíocht
Le do thráthchuid deiridh a fháil, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
Foirm thuairisce: Ní mór síniú a chur le d’fhoirm thuairisce chomhlánaithe agus í a chur isteach trí mheán Seirbhísí ar Líne.
Cuntas ioncaim agus caiteachais: a ullmhaítear agus lena gcuirtear síniú de réir luach do dhámhachtana, ní mór é a chur isteach trí mheán seirbhísí ar líne. Ceadaigh an doiciméad Coinníollacha maidir le Cúnamh Airgeadais le faisnéis a fháil faoi na riachtanais shainiúla.