Maidir linne 

Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht rialtais náisiúnta atá freagrach as na healaíona in Éirinn a mhaoiniú, a fhorbairt agus a chur chun cinn. 

Is é an ról atá againn ná tacú leis, infheistíocht a dhéanamh, agus obair i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile, le timpeallacht ealaíon spleodrach a chruthú i gcroílár shochaí na hÉireann. 

Compántas damhsa uile-oileánda fógartha leis na damhsóirí Vitor Barboza Da Silva agus Inez Berdychowska ar Dhumhach Trá. Grianghraf: Naoise Culhane.

Ár ngnó 

Labhairt ar son 

Soláthraímid tionscadail go gníomhach ina gcuirtear luach sna healaíona in Éirinn agus ina gcuirtear chun cinn iad, agus coimisiúnaímid agus foilsímid taighde agus faisnéis sna healaíona. 

Comhairle a chur 

Múnlaítear an beartas ealaíon lenár saothar leis an rialtas agus leis na comhlachtaí eile stáit. 

Infheistíocht 

Infheistímid airgead poiblí sna healaíona in Éirinn. Tugaimid maoiniú agus réimse tacaíochtaí d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon. 

Comhpháirtí 

Comhoibrímid le cleachtóirí ealaíon agus eagraíochtaí ealaíne chun tírdhreach cultúrtha na hÉireann a shaothrú agus a chur chun cinn. 

Ár ndaoine 

Is comhlacht deonach í an Chomhairle Ealaíon ar a bhfuil 12 chomhalta agus cathaoirleach. Is é an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a cheapann na comhaltaí. Is é an bord a mhaoirsíonn ár dtreo straitéiseach. 

Is foireann dhiongbháilte ildánach í ár bhfoireann feidhmiúcháin, faoi cheannas an Stiúrthóra Maureen Kennelly, a bhfuil dúil mhór acu sna healaíona. 

Oíche Chultúir Charraig Uí Leighin. Grianghraf: Peter O’Toole.

Ár luachanna 

Treoraíonn luachanna eagraíochtúla sinn inár saothar:  

  • Saoirse smaointeoireachta agus tuairimíochta  
  • Tiomantas do shármhaitheas  
  • Ionracas, cuntasacht, agus trédhearcacht  
  • Meas ar éagsúlacht  
  • Comhghleacaíocht  
A group of Arts Council staff and friends hold a banner with the arts Council logo and inclusive pride flag
Baill foirne na Comhairle Ealaíon ag Bród Bhaile Átha Cliath 2023

Rialachas 

Táimid diongbháilte chun na caighdeáin rialachais chorparáidigh is airde a fheidhmiú. Is lenár gCreat Cóid Rialachais a threoraítear an chaoi a bhfeidhmíonn ár mbord. 

Miontuairiscí an Bhoird agus Tuarascálacha Bliantúla 

Is gníomhaireacht phoiblí í an Chomhairle Ealaíon atá geallta don chinnteoireacht thrédhearcach. 

Léigh na miontuairiscí ar chruinnithe iomlánacha míosúla an Bhoird agus déan cíoradh ar na hathruithe sna healaíona in Éirinn ón mbliain 1951 i leith trí mheán ár dTuarascálacha Bliantúla. 

Three young people stand in front of a large moon sculpture light from within
Museum of the Moon, Féile Lárshamhraidh Chorcaí. Grianghraf: Jed Niezgoda.

Ár mbunús agus cartlann 

Bunaíodh thiar in 1951 í de thoradh imní an rialtais go raibh na healaíona ag fulaingt de bharr neamairt, agus tá tacaíocht tugtha ag an gComhairle Ealaíon do na healaíona le teann mórtais le hos cionn seachtó bliain anuas. 

Leanaimid orainn ag cinntiú go bhfanfaidh na healaíona ag croílár shaol, chultúr agus oidhreacht na hÉireann. 

Abstract painting in light shades of blue, yellow, green, orange and red.
Richard Gorman, ‘Small Kitchen 1987’. Ola ar chlár, 65 x 62.5cm. Bailiúchán na Comhairle Ealaíon.

Pleanáil 

Is Comhlacht Forordaithe í An Chomhairle Ealaíon sa phróiseas pleanála, agus ba cheart don Údarás Pleanála fógra a thabhairt di faoi imthosca áirithe. 

Minister Catherine Martin along with members of the Arts Council staff standin hard hats and reflective jackets as Grafton architects present at Dublin Port.
Ag tabhairt cuairt ar Champas Ealaíontóirí Chalafort Bhaile Átha Cliath.

An mian leat dul i bpáirt lenár bhfoireann ag an gComhairle Ealaíon? 

Is foireann sinn a chreideann i gcumhacht spleodrach chlaochlaitheach na n-ealaíon. Cuirimid chun cinn an chruthaitheacht, an léiriú cultúrtha agus an sármhaitheas ealaíne. 

Tairgimid deiseanna gairmréime fiúntacha thar réimse éagsúil disciplíní. 

Deiseanna reatha 

Níl aon fholúntas ann faoi láthair.