Aitheantas a thabhairt do thacaíocht ón gComhairle Ealaíon
Lean ár dtreoracha maidir le lógó lena thaispeáint go bhfuil maoiniú faighte agat

Is maoiniú poiblí é maoiniú ón gComhairle Ealaíon.
Má fhaigheann tú maoiniú, ní mór duit aitheantas a thabhairt don tacaíocht sin trí leas a bhaint as an mbrandáil ábhartha ón gComhairle Ealaíon agus as aon teideal creidiúna riachtanach. Má fhaigheann tú urraíocht nó maoiniú ó fhoinsí eile freisin, ní mór duit aitheantas a thabhairt don Chomhairle Ealaíon freisin.
Ba cheart go mbeadh an t-aitheantas comhréireach, agus go bhfreagródh sé don tacaíocht arna cur ar fáil ag gach maoinitheoir. Féach ar Treoirlínte Lógó maidir le Maoiniú ón gComhairle Ealaíon.
Ní féidir an Lógó Maoinithe a atáirgeadh ach amháin ón máistirshaothar ealaíne a chuirimid ar fáil duit, agus ní ceadmhach é a athlíniú, a chóiriú ná a athrú i gcás ar bith. Déanaimid monatóireacht ar úsáid lena chinntiú go gcomhlíontar na treoirlínte. Íoslódáil Lógó Maoinithe ón gComhairle Ealaíon anseo: Foireann Lógónna na Comhairle Ealaíon
Is féidir treoirlínte maidir le hiarratas ar lógó a úsáid agus na comhaid lógónna a rochtain anseo.
Úsáid ‘An Chomhairle Ealaíon’ nó ‘The Arts Council’. Is í an t-aon eisceacht air sin ná i gcásanna thar lear, mar ar féidir ‘Comhairle Ealaíon na hÉireann’ a úsáid i dteannta an lógó. I dTuaisceart Éireann, féadfar ‘An Chomhairle Ealaíon’ nó ‘The Arts Council’ a úsáid le difríocht a dhéanamh idir sinn agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
Ba cheart go mbeadh aitheantas tacaíochta i scríbhinn nó ó bhéal le sonrú i ngach preasráiteas, agallamh, ráiteas poiblí agus óráid faoin tacaíocht go ceann thréimhse an mhaoinithe.
Mar shampla, Faigheann an chamchuairt seo maoiniú ón gComhairle Ealaíon / The Arts Council.
Cuir an chlib #ArtsCouncilSupported leis agus postáil á déanamh faoi shaothar arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon. San áireamh leis sin tá próifílí agus postálacha gaolmhara. Úsáid an lógó ar íomhánna, lena náirítear meirgí meán sóisialta, cibé áit is féidir.
Seo a leanas hanlaí na Comhairle Ealaíon ar na meáin shóisialta:
X: @artscouncil_ie
Instagram: @artscouncilireland
Facebook: @artscouncilireland
LinkedIn: The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon
Seol r-phost chuig digital@artscouncil.ie lenár réamhfhógrán bolscaireachta a iarraidh dá úsáid ag gach léiriú ar scáileán de na seirbhísí cartlainne, agus i bpictiúrlanna agus ag féilte scannán.
I dteannta na brandála litríochta ábhartha, ní mór d’fhoilsitheoirí an méid seo a leanas a úsáid:
“Fuair [foilsitheoir nó ainm na hirise] cúnamh airgid ón gComhairle Ealaíon chun an teideal seo a fhoilsiú.”/“[Publisher or journal name] received financial assistance from the Arts Council to publish this title.”
I gcás ina bhfuil tacaíocht curtha ar fáil ag An Chomhairle Ealaíon don scríbhneoir/léirmhaisitheoir le ceapadh an tsaothair, úsáid an bhrandáil litríochta agus an méid seo a leanas:
“Fuair an t-údar cúnamh airgid ón gComhairle Ealaíon do chruthú an tsaothair seo.”/ “The author received financial support from the Arts Council in the creation of this work.”
I gcás scannáin arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon, ní mór dóibh an bhrandáil scannáin ábhartha a léiriú sna teidil chreidiúna oscailte agus dúnta ag méid nach lú ná 40% de mhéid an phríomhtheidil, agus ag méid agus socrú san ord reatha atá comhréireach leis an leibhéal tacaíochta ó An Chomhairle Ealaíon atá coibhneasta leis an lucht maoinithe eile. Cuir na focail a leanas san áireamh freisin, “Arna Mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon”/“Funded by the Arts Council”. Ar chlúdach físeán agus DVDanna, cuir an bhrandáil “Ealaín na Scannán á Maoiniú” air i suíomh suaithinseach.
Ní mór an bhrandáil a chur i dtaifeadtaí fuaime i suíomh suaithinseach ar an gclúdach.

An ritheann aon cheist leat?
Déan teagmháil linn má ritheann ceist leat faoinár lógónna a úsáid nó faoi aitheantas a thabhairt don tacaíocht ón gComhairle Ealaíon ar na meáin shóisialta.
digital@artscouncil.ie