Polasaithe Forbartha
Leagtar amach príomhchuspóirí na Comhairle Ealaíon sna polasaithe forbartha, agus déantar cur síos ar na gníomhartha ar leith a ghlacfar chun ár gcuid spriocanna a bhaint amach sna blianta amach romhainn inár bpleananna maidir le cur i bhfeidhm na bpolasaithe.
Cuirtear tacaíochtaí dea-chleachtais ar fáil inár n-acmhainní agus inár sraitheanna straitéisí chun ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a threorú sna réimsí oibre seo.
Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht
Cinntíonn ár mBeartas agus Plean Forfheidhmithe Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta (CÉI) go mbeidh deis ag gach duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn teagmháil a bheith acu leis na healaíona agus páirt a ghlacadh iontu.
Cuireann an beartas an comhionannas, an éagsúlacht agus an ionchuimsitheacht i gcroílár a ndéanaimid. Cuireann sé bonn eolais faoi struchtúr na Comhairle Ealaíon, conas a fheidhmímid, cé muid féin, agus cé agus cad é a dtugaimid tacaíocht dó.
Tá ár mBeartas agus Plean Forfheidhmithe CÉI ar fáil i réimse teangacha.
Beartas Áite, Spáis & Daoine (Spásúil)
Leagtar béim sa bheartas seo ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige a ghlacadh atá dírithe ar dhaoine ar an áit, lena chinntiú go bhfuil cothromas sóisialta, spásúil níos fearr inár gcuid oibre.
Imríonn na healaíona ról tábhachtach i gcruthú na n-áiteanna agus na spásanna ina gcónaíonn agus ina n-oibríonn daoine, agus is féidir leo feabhas mór a chur ar chaighdeán na gcaidreamh daonna. Leagtar béim sa bheartas ar thábhacht na n-ealaíon sa réimse polasaí poiblí trí chéile, agus cabhraíonn sé linn teacht leis an bpríomhphleanáil náisiúnta forbartha.
Aithnítear 35 gníomh thar cheithre phríomhréimse sa phlean forfheidhmithe: comhairle agus abhcóideacht; pleanáil agus na healaíona; infheistíocht agus forbairt ealaíon; agus foghlaim agus léargas.

Luach Saothair don Ealaíontóir
Táimid tiomanta do chúinsí maireachtála agus oibre ealaíontóirí a fheabhsú. Leagtar amach na prionsabail dea-chleachtais agus ár ndearcadh i leith na híocaíochta córa agus cothroime agus na gconarthaí in earnáil na n-ealaíon sa bheartas seo.
Tá cúinsí oibre agus maireachtála na n-ealaíontóirí faoi bhun na gcaighdeán inghlactha. Mar an ghníomhaireacht náisiúnta d’fhorbairt na n-ealaíon, imrímid ról lárnach ó thaobh stiúir a ghlacadh maidir le híocaíocht chóir, chothrom agus labhairt amach ar son na híocaíochta córa, cothroime.
Déanann eagraíochtaí ionadaíocha agus acmhainne ionadaíocht ar chleachtóirí gairmiúla ealaíon, agus cuireann siad acmhainní ar fáil dóibh.
Beartas Ealaíon Digiteach
Tacaíonn an beartas seo le forbairt agus seasamh na n-ealaíon digiteach in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tacaíonn sé linn gníomhaíochtaí ealaíonta digiteacha a spreagadh, feabhas a chur ar thoilleadh agus ar acmhainní atá ann cheana, agus deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí, d’eagraíochtaí, agus don phobal.
Aithnímid tábhacht agus luach na n-ealaíon digiteach. Ina meas sin tá úsáid na n-uirlisí, na dteicneolaíochtaí, agus na n-ardán digiteach san obair ealaíonta, lena náirítear ealaín sonraí, bogearraí, réaltacht fhíorúil, agus tuilleadh. Cabhraíonn an beartas seo linn tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon obair dhigiteach den chéad scoth a dhéanamh.
Sainaithnítear 29 gníomh sa phlean forfheidhmithe seo i gceithre phríomhréimse idir 2023 agus 2025: an t-ealaíontóir, toilleadh a fhorbairt; rannpháirtíocht an phobail; agus infheistíocht.
