Tar éis measúnú a dhéanamh ar d’iarratas – an chéad rud eile a tharlóidh
Tar éis measúnú a dhéanamh ar iarratais incháilithe don scéim maoinithe, tabharfar fógra duit trí ríomhphost le do chur ar an eolas cé acu a d’éirigh nó nár éirigh le d’iarratas.
Na chéad chéimeanna eile i gcás go n-éiríonn le d’iarratas
Má éiríonn le d’iarratas, seolfaimid ríomhphost chugat le tairiscint ann.
Cuirfear litir thairisceana chugat ina sonrófar méid an mhaoinithe atá tugtha againn, agus téarmaí agus coinníollacha na dámhachtana. Gheobhaidh tú faisnéis freisin faoin gcaoi le do dhámhachtain a tharraingt anuas.
Ní mór duit glacadh le do thairiscint mhaoinithe trí do chuntas Seirbhísí ar Líne.
Gheobhaidh tú an treoir íocaíochta maidir leis an dámhachtain seo i ríomhphost ar leithligh. Tá treoracha inti seo ar an dóigh le glacadh le do thairiscint agus an maoiniú a tharraingt anuas.


Íocaíochtaí maoinithe agus teimpléid mhaoinithe
Éilítear ort de réir na scéimeanna uile doiciméadacht a chur isteach ina dtaispeántar an chaoi ar úsáid tú an maoiniú. Tá teimpléid againn is féidir leat a úsáid le haghaidh an chuid is mó doiciméad.

Aitheantas a thabhairt dár dtacaíocht mhaoinithe
Má fhaigheann tú maoiniú, ní mór duit aitheantas a thabhairt don tacaíocht sin trí leas a bhaint as an mbrandáil ábhartha ón gComhairle Ealaíon agus as aon teideal creidiúna riachtanach. Tá treoirlínte againn faoin gcaoi chun é sin a dhéanamh.
Na chéad chéimeanna eile i gcás nach n-éiríonn le d’iarratas
Faigheann an Chomhairle Ealaíon líon mór iarratas. Bíonn an t-éileamh ar mhaoiniú i gcónaí níos mó ná na hacmhainní atá le fáil.
Má chomhlíonann tú ár dtreoirlínte maidir le hincháilitheacht agus nósanna imeachta d’iarratais, ní rathú é sin go bhfaighidh tú maoiniú.
Mura n-éireoidh le d’iarratas, is féidir leat aiseolas a iarraidh ar fhoireann na Comhairle Ealaíon.
Mura n-éiríonn le d’iarratas, is féidir leat machnamh a dhéanamh ar scéimeanna maoinithe eile dá bhfuil tú incháilithe, ach ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú don ghníomhaíocht chéanna.
Má cheapaimid gur fearr a oireann do thogra do dhámhachtain dhifriúil, féadfaimid eisceacht a dhéanamh agus ceadú duit iarratas a dhéanamh. Sa chás sin, cuirfimid ar an eolas trí ríomhphost thú.


Aiseolas faoi d’iarratas a iarraidh
Is féidir leat aiseolas a iarraidh maidir le d’iarratas trí theagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ábhartha foirme ealaíne nó cleachtas ealaíon.

Achomharc a dhéanamh ar chinneadh maoinithe
Is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh maoinithe más rud é go gceapann tú:
- nár chloíomar lenár nósanna imeachta foilsithe don riarachán agus measúnú
- nár chuireamar i bhfeidhm ár nósanna imeachta foilsithe don riarachán agus measúnú