Fógra príobháideachais
Is é is aidhm don Fhógra Príobháideachais seo faisnéis a sholáthar duit faoin gcaoi a n-úsáidimid (“a bpróiseálaimid”), an Chomhairle Ealaíon, do chuid sonraí.
An nuashonrú is déanaí 03 Márta 2025
Introduction
Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht a cheap Rialtas na hÉireann chun na healaíona a fhorbairt. Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí, le heagraíochtaí ealaíon, le lucht déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona in Éirinn.
Is é is aidhm don Fhógra Príobháideachais seo faisnéis a sholáthar duit faoin gcaoi a n-úsáidimid (“a bpróiseálaimid”), an Chomhairle Ealaíon, do chuid sonraí mar eagraíocht, faisnéis maidir lenár n-oibleagáidí, agus faoi do chearta mar dhuine aonair i ndáil le do shonraí pearsanta.
Baineann an fógra seo le gníomhaíochtaí na Comhairle Ealaíon. Ó am go chéile, d’fhéadfaimis Fógra um Chosaint Sonraí ar leith a sholáthar duit nuair is iomchuí, mar shampla nuair a bhíonn tú rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sonracha amhail imeachtaí nó taighde, nó má dhéanann tú iarratas ar phost linn.
Is í an Chomhairle Ealaíon an rialtóir sonraí maidir leis na sonraí a gcuirtear síos orthu san fhógra seo. Táimid faoi réir dhlíthe na hÉireann agus an AE, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán AE 679/2016), Achtanna na hÉireann um Chosaint Sonraí 1988 go 2018, na Rialacháin maidir le R-Phríobháideachas 2011 agus an Treoir maidir le Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach 2002/58/CE maidir le Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach.
Saoráil Faisnéise
Más spéis leat Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá faisnéis againn faoi conas is féidir leat é sin a dhéanamh anseo: Conas Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh. Tabhair faoi deara go bhfuil iarratais um Shaoráil Faisnéise ar leithligh ó iarratais Duine ar a Shonraí mar a shonraítear thíos san Fhógra seo.
Sonraí Teagmhála Cosanta Sonraí na Comhairle Ealaíon
Ríomhphost: dataprotection@artscouncil.ie
Seoladh Poist: An Chomhairle Ealaíon, An tOifigeach um Chosaint Sonraí, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, D02 NY52.
Teileafón: +353 1 6180200 or +353 1 6180243
Is ionann sonraí pearsanta agus sonraí a bhaineann leatsa agus ar féidir leo tú a shainaithint mar dhuine aonair. Mar shampla, d’fhéadfadh faisnéis ar bith amhail d’ainm, do sheoladh, do sheoladh ríomhphoist, nó sonraí a sholáthraíonn tú i bhfoirmeacha iarratais nuair a dhéanann tú iarratas ar mhaoiniú nó ar dheiseanna linn a bheith i gceist le sonraí pearsanta. Áirítear le sonraí pearsanta freisin aon chomhfhreagras a rinne tú linn.
Tá cosaint bhreise tuillte ag cineálacha áirithe sonraí pearsanta (catagóirí speisialta sonraí). Áirítear leis seo sonraí a thaispeánann do bhunús ciníoch nó eitneach, do thuairimí polaitiúla, do chreidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha, nó ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí maidir le do shláinte nó do chlaonadh gnéis.
Na cineálacha sonraí pearsanta a phróiseálaimid
Cuspóir: Taifead a choinneáil ar thascanna ginearálta riaracháin a theastaíonn le haghaidh fheidhmiú laethúil na Comhairle Ealaíon agus iad a chur i gcrích.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Oibleagáid Dhlíthiúil.
Cuspóir: A bheith in ann faisnéis a bhaineann le healaíontóirí, grúpaí cruthaitheacha, agus eagraíochtaí a chláraíonn agus a dhéanann iarratas ar mhaoiniú a aithint agus a thaifeadadh.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun críocha leanúnachas gnó agus athshlánaithe ó thubaiste.
Bunús dlíthiúil: Oibleagáid Dhlíthiúil.
Cuspóir: Chun cruinnithe a thaifeadadh, chun an pobal a chur ar an eolas agus chun cloí leis an reachtaíocht ábhartha.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun cabhrú le slándáil foirgneamh agus le slándáil agus cosaint na foirne agus na gcuairteoirí.
Bunús dlíthiúil: Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun cumarsáid a dhéanamh leat agus teagmháil a dhéanamh leat tríd an bpost, ar an nguthán, trí theachtaireacht téacs nó trí ríomhphost.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun aon ghearáin, fiosrúcháin agus/nó aiseolas atá agat a láimhseáil agus freagra a thabhairt orthu.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun tú a chur ar an eolas agus chun go mbeimid in ann imeachtaí agus comhdhálacha a eagrú, a fhógairt agus a óstáil.
Bunús dlíthiúil: Toiliú, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun taifead a choinneáil ar do shonraí, chun teagmháil a dhéanamh leat, chun tacú le soláthar ár seirbhísí amhail seirbhísí maoinit, agus chun taifid a choinneáil ar an teagmháil a dhéanaimid leat agus ar ár gcaidreamh leat.
Bunús dlíthiúil: Conradh.
Cuspóir: Chun íocaíochtaí a dhéanamh as speansais a tabhaíodh, as sonrascadh, agus as earraí agus seirbhísí a fuarthas.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Oibleagáid Dhlíthiúil, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun tú a chumasú le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, chun an t-iarratas sin a mheas agus an maoiniú a sholáthar, agus ar mhaithe leis an mbainistíocht a dhéanaimid ar chistí agus ar eagraíochtaí maoinithe agus daoine aonair.
Bunús dlíthiúil: Toiliú, Conradh, Leas an Phobail.
Chun daoine aonair agus eagraíochtaí a chumasú le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.
Chun iarratais ar mhaoiniú a fháil agus a mheas.
Chun tacaíochtaí airgeadais a chur ar fáil a chabhróidh le bacainní a bhaint d’ealaíontóirí agus do rannpháirtithe faoi mhíchumas.
Chun comhaontuithe maoinithe a dhéanamh le hiarratasóirí rathúla.
Le cur ar ár gcumas oibriú le tríú páirtithe e.g., baill an phainéil chun iarratais a fhaighimid ar mhaoiniú a mheas. Tabhair faoi deara go bhfuil conarthaí agus comhaontuithe i bhfeidhm ag an gComhairle Ealaíon le tríú páirtithe a ghlacann páirt i measúnuithe maoinithe.
Le haghaidh meastóireachta agus tuairiscithe ar thionscnaimh agus ar thionscadail mhaoinithe a chuirimid ar fáil.
Chun críocha taighde agus staidrimh. Sa chás go ndéanaimid taighde, féadfaimid oibriú i gcomhar le gníomhaireachtaí neamhspleácha.
Lena chinntiú go gcuirimid dreasachtaí agus torthaí cothroma ar fáil do chách, e.g., féadfaimid tuarascálacha a chur le chéile chun cabhrú linn grúpaí a d’fhéadfadh a bheith faoi ghannionadaíocht a shainaithint. Déanaimid é seo lena chinntiú nach mbíonn ár gcleachtais idirdhealaitheach.
Bainimid úsáid as sonraí suímh chun an sciar den mhaoiniú a bhronntar ar chontaetha agus ar cheantair éagsúla in Éirinn a thuiscint.
Le tuiscint a chothú ar cé chomh rathúil agus atá an maoiniú a chuirimid ar fáil, ar conas a úsáideadh é, agus ar an tionchar/na tionchair atá aige ar an earnáil.
Chun tuarascálacha, figiúirí, agus cás-staidéir a chruthú agus a fhoilsiú ar mhaoiniú atá tairgthe agus bronnta againn.
Chun críocha trédhearcachta, chun taifid ar mhaoiniú a bronnadh a fhoilsiú.
Chun na seirbhísí a chuirimid ar fáil maidir le maoiniú a thuiscint agus a fheabhsú.
Chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis áitiúla, le heagraíochtaí ealaíon is féidir linn dul i gcomhpháirtíocht leo, agus le hoifigigh rialtais.
Chun an maoiniú atá ar fáil againn, agus an maoiniú a táirgeadh agus a bronnadh, a chur chun cinn.
Chun cuireadh a thabhairt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí chuig comhdhálacha, imeachtaí agus cláir.
Freagra a thabhairt ar iarratais rialála.
Cuspóir: Chun íomhánna a ghlacadh, a chruthú, a fháil, a chur in eagar (i gcás inarb infheidhme), a tháirgeadh, a stóráil agus a úsáid lena gcraoladh ar na meáin shóisialta, lena scaipeadh ar ardáin ar líne, mar chuid den taighde nó i bhfoilseacháin, agus lena n-úsáid chun críocha margaíochta agus oideachais agus muid ag cur chun cinn na n-ealaíon in Éirinn agus sa Chomhairle Ealaíon. Tabhair faoi deara gur féidir linn íomhánna agus taifeadtaí a roghnú le bheith stóráilte agus úsáidte go buan. Rachaimid i dteagmháil leat ina leith sin. Má bhíonn aon cheisteanna agat, téigh i dteagmháil le communications@artscouncil.ie
Bunús dlíthiúil: Toiliú, Conradh, Leas an Phobail.
Cuspóir: Cumarsáid agus nuachtlitreacha a sheoladh chugat má chláraigh tú dár nuachtlitreacha agus/nó dár liostaí seoltaí eile. Faighimid sonraí staitistiúla maidir le hidirghníomhaíochtaí nuachtlitreach freisin.
Bunús dlíthiúil: Toiliú.
Cuspóir: Athbhreithniú agus trácht a dhéanamh ar iarratais phleanála a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na healaíona agus ar an gcultúr.
Bunús dlíthiúil: Oibleagáid Dhlíthiúil, Leas an Phobail.
Cuspóir: Doiciméid bheartais agus foilseacháin a tháirgeadh a chuidíonn le cur chun cinn na n-ealaíon in Éirinn.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun an pobal a chur ar an eolas faoi fhorbairtí sa Chomhairle Ealaíon.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun tairiscintí agus luachana a sholáthar agus a fháil ó sholáthróirí seirbhíse do raon seirbhísí éagsúla. Tabhair faoi deara go bhfuil an Chomhairle Ealaíon ar an gCreat Beartais Náisiúnta um Sholáthar Poiblí.
Bunús dlíthiúil: Conradh, Oibleagáid Dhlíthiúil.
Cuspóir: Chun gur féidir leat iarratas a dhéanamh ar róil sa Chomhairle Ealaíon, chun iarratais a athbhreithniú agus chun próisis ghinearálta earcaíochta a dhéanamh, e.g. agallaimh.
Bunús dlíthiúil: Toiliú (e.g., chun sonraí catagóirí speisialta a phróiseáil chun críocha fostaíochta), Conradh, Oibleagáid Dhlíthiúil.
Tabhair faoi deara go dtabharfar Fógra Cosanta Sonraí ar leith d’iarratasóirí. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon deiseanna fostaíochta ar publicjobs.ie freisin atá faoi réir a bhfógra príobháideachais agus a gcleachtais phríobháideachais féin.
Cuspóir: Chun rialacháin agus reachtaíocht ábhartha a chur in iúl agus a chomhlíonadh.
Bunús dlíthiúil: Oibleagáid Dhlíthiúil.
Cuspóir: Chun teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí agus le daoine aonair maidir le taighde agus chun cabhrú le forbairt na n-ealaíon in Éirinn.
Bunús dlíthiúil: Toiliú, Conradh, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun ár gcuntais ar na meáin shóisialta a bhainistiú, an pobal a chur ar an eolas faoi imeachtaí agus deiseanna, agus cumarsáid a dhéanamh leat.
Bunús dlíthiúil: Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun aiseolas, tuairimí agus freagraí a fháil ar thionscadail agus ar thionscnaimh éagsúla, chun críocha taighde agus staitistiúla, agus chun cabhrú linn riachtanais an duine aonair agus an phobail a thuiscint maidir leis an obair a dhéanaimid agus an obair a dhéanann siad siúd a dtugaimid maoiniú dóibh.
Bunús dlíthiúil: Toiliú, Leas an Phobail.
Cuspóir: Chun cabhrú linn feidhmeanna gnó a dhéanamh agus ár seirbhísí a sheachadadh trí sholáthróirí seirbhíse tríú páirtí a úsáid.
Bunús dlíthiúil: Conradh.
Cuspóir: Cuairteoirí chuig ár n-oifig a thaifeadadh chun críocha sábháilteachta agus slándála.
Bunús dlíthiúil: Toiliú, Conradh.
Cuspóir: A chinntiú go bhfuil ár n-ardáin ar líne agus ár seirbhísí ar líne inrochtana agus feidhmiúil agus chun anailís a dhéanamh ar úsáid ár n-ardán.
Bunús dlíthiúil: Toiliú.
Aosdána
Más ball d’Aosdána tú, cuirfear Fógra Cosanta Sonraí ar leith ar fáil duit. Má tá ceisteanna agat faoi Aosdána, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Aosdána nó mar rogha air sin déan teagmháil linn.
Sonraí coimircíochta
Creat i gcomhair Dearbhú Cáilíochta
Iarrann an Chomhairle Ealaíon ar gach eagraíocht, grúpa agus ealaíontóir aonair a fhaigheann maoiniú ónár n-eagraíocht chun oibriú le leanaí, fianaise ar chomhlíonadh an Achta um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus fianaise ar chomhlíonadh na Treorach Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí 2017 a sholáthar. Iarraimid ar gach eagraíocht, grúpa agus ealaíontóir aonair a fhaigheann maoiniú beartais agus nósanna imeachta oiriúnacha a bheith acu chun leanaí a choinneáil slán ó dhíobháil agus iad ag baint leas as a gcuid seirbhísí.
Iarrfar ar gach eagraíocht, grúpa nó ealaíontóir aonair a oibríonn le leanaí agus le daoine óga agus a fhaigheann maoiniú agus/nó cúnamh deontais ón gComhairle Ealaíon féin-iniúchadh i gcomhair dearbhú cáilíochta a chomhlánú, ar a ndéanfaidh an Chomhairle Ealaíon measúnú, agus úsáidfear an creat dearbhaithe cáilíochta chun comhlíonadh le reachtaíocht agus treoir náisiúnta ar mhaithe le cosaint agus leas leanaí a thomhas.
Sonraí leanaí
Nuair a dhéanaimid tagairt do shonraí leanaí, tabhair faoi deara go bhféadfadh sonraí amhail ainmneacha, íomhánna (íomhánna agus taifeadtaí san áireamh, féach thuas) a bheith san áireamh sa chás go bhfreastalaíonn leanaí ar imeachtaí na Comhairle Ealaíon, nuair a dhéanaimid cláir agus tionscnaimh amhail Scoileanna Ildánacha a riaradh, nuair a dhéanaimid taighde agus nuair a chuirimid tuarascálacha ar fáil maidir le leanaí, daoine óga agus na healaíona, agus trí dhámhachtainí agus tionscadail a sholáthar agus a riaradh.
Tá Foireann Choimircíochta ag an gComhairle Ealaíon, agus is féidir tuilleadh faisnéise agus ár Ráiteas um Choimirciú a fheiceáil ar ár suíomh gréasáin: Coimircíocht.
Má tá aon cheist nó imní ort maidir leis an gComhairle Ealaíon agus maidir leis an gcaoi a bpróiseálaimid sonraí leanaí, seol ríomhphost chugainn ag dataprotection@artscouncil.ie nó déan teagmháil lenár nOifigeach um Choimirciú ag safeguarding@artscouncil.ie.
Ciontuithe coiriúla agus coireanna
Mar chuid de bheartas earcaíochta sábháilte na Comhairle Ealaíon agus de réir na reachtaíochta reatha, déanfar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar bhaill foirne a mbíonn teagmháil le leanaí agus/nó le daoine soghonta mar chuid dá sainchuntas poist. Is nós imeachta é Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána trína n-iarrtar ar Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána, le toiliú duine, aon fhaisnéis atá i gcomhad an Gharda a nochtadh.
Soláthraíonn na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 agus 2016 bonn reachtaíochta maidir le grinnfhiosrúchán éigeantach a dhéanamh ar dhaoine ar mian leo tabhairt faoi obair nó gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le leanaí nó le daoine soghonta, nó ar mian leo seirbhísí áirithe a sholáthar do leanaí nó do dhaoine soghonta.
Oíche Chultúir
Féach ar ár bhFógra Cosanta Sonraí maidir le hOíche Chultúir.
Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú (CÉI)
Déanann an Chomhairle Ealaíon, i ngach rud a dhéanann sí, iarracht chun meas agus tacaíocht a thabhairt do gach guth agus cultúr atá in Éirinn an lae inniu. Is féidir leat féachaint ar ár mBeartas CÉI agus tuilleadh faisnéise a fháil maidir lenár gcleachtais CÉI. Nuair a bhailímid na sonraí pearsanta íogaire seo, mar shampla laistigh d’iarratas ar mhaoiniú, is gnách go mbíonn sé seo deonach agus baileofar iad le do thoiliú sainráite.
Bailímid na sonraí seo le haghaidh taighde agus anailíse ar éagsúlacht iarratasóirí agus daoine aonair na Comhairle Ealaíon, mar chuid dár bPlean Forfheidhmithe CÉI. Cuirtear na ceisteanna le gur féidir linn déimeagrafaic ár n-iarratasóirí agus daoine aonair a bhíonn i dteagmháil linn a chur i gcomparáid le daonra na hÉireann. Foilsímid tuarascálacha bliantúla ar an anailís ar shonraí comhionannais ó bhabhtaí maoinithe. Is féidir tuarascálacha roimhe seo a fháil anseo: tuarascálacha ar shonraí comhionannais. Bainimid úsáid as na torthaí mar bhonn eolais faoi ghníomhaíochtaí ar féidir leis an gComhairle Ealaíon a dhéanamh, lena n-áirítear ár bpróiseas maoinithe agus earnáil na n-ealaíon a dhéanamh níos éagsúla agus níos ionchuimsithí. Bhí na sonraí seo ríthábhachtach chun bearnaí a aithint maidir le cé atá ag déanamh iarratais agus cé dóibh a dtugaimid maoiniú. Úsáidtear an fhaisnéis chun na críche sin amháin agus ní úsáidtear í in aon mheasúnú e.g., ní bhíonn tionchar ag na sonraí seo ar cé dóibh a dtugtar maoiniú.
Bailímid do shonraí pearsanta…
Sa chás gur sholáthair tú do shonraí go díreach dúinn trínár bpróisis iarratais, iarratais ar mhaoiniú agus ar dheiseanna fostaíochta san áireamh.
Nuair a chuireann tú do shonraí ar fáil dúinn ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí e.g., nuair a chuireann tú naisc chuig do leathanaigh ar na meáin shóisialta nó chuig do shuíomhanna ghréasáin ar fáil dúinn.
Trínár n-idirghníomhaíochtaí leat agus nuair a dhéanann tú fiosrúchán, mar shampla trí ríomhphost, trí chomhfhreagras poist, trí ghlaonna gutháin, trínár suíomh gréasáin, trí na meáin shóisialta agus trí chumarsáid ríomhphoist.
Trí chaidrimh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le soláthar, íocaíochtaí le faighteoirí deontais, íocaíochtaí le soláthróirí agus le tríú páirtithe eile
Nuair a bhailímid do shonraí trí fhoinsí eile, imeachtaí agus taighde san áireamh.
Ó fhoinsí tríú páirtí, amhail comhlachtaí ealaíon agus maoinithe eile, teagmhálacha preasa agus foinsí eile.
Déanfaimid bearta réasúnta réamhchúraim chun nach gcaillfear, nach mí-úsáidfear ná nach n-athrófar an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil dúinn. Maidir le gníomhairí nó conraitheoirí de chuid na Comhairle Ealaíon a mbíonn fáil acu ar an bhfaisnéis a thugann tú dúinn le linn duit a bheith ag soláthar seirbhísí dúinn, ní mór dóibh an fhaisnéis sin a choinneáil faoi rún agus ní bhíonn cead acu an fhaisnéis sin a úsáid ar mhaithe le cuspóir ar bith seachas na seirbhísí a sholáthraíonn siad dúinn a chur i gcrích.
I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta á soláthar agat dúinn a bhaineann le duine aonair eile
Tabhair faoi deara, má chuireann tú sonraí pearsanta duine eile ar fáil dúinn, (e.g. ábhar nó faisnéis a shainaithníonn daoine eile go pearsanta mar chuid d’iarratas ar mhaoiniú) ba cheart duit a chinntiú go bhfuil tú ag cloí leis na Dlíthe um Chosaint Sonraí agus cóip den Fhógra seo a sholáthar dóibh. Má tá aon cheisteanna agat faoi seo, déan teagmháil linn le do thoil.
I gcás nach soláthraíonn tú an fhaisnéis a theastaíonn uainn
Má roghnaíonn tú gan do shonraí pearsanta a sholáthar dúinn, b’fhéidir nach mbeimid in ann cumarsáid a dhéanamh leat nó ár seirbhísí a sholáthar duit.
Féadfaidh an Chomhairle Ealaíon, agus muid i mbun ár ngnó agus nuair is gá agus más iomchuí, do chuid faisnéise a roinnt le tríú páirtithe. Cuirimid gach dícheall cuí i bhfeidhm ar thríú páirtithe lena n-oibrímid, agus tá conarthaí agus comhaontuithe i bhfeidhm againn le tríú páirtithe, lena n-áirítear measúnóirí, comhairleoirí agus soláthróirí.
D’fhéadfaimis do shonraí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile, le páirtithe leasmhara eile gus le soláthróirí seirbhíse eile.
D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh:
Ranna rialtais agus comhlachtaí seirbhíse poiblí.
Oifigí Ealaíon agus údaráis áitiúla.
Eagraíochtaí comhpháirtíochta.
Comhairleoirí gairmiúla, dlí, iniúchóireachta, agus árachais agus soláthróirí seirbhíse.
Soláthróirí seirbhíse agus teicniúla amhail comhlachtaí réitigh TF, soláthróirí néalstórála.
Measúnóirí seachtracha.
Conraitheoirí agus gníomhairí eile.
Na Meáin, an Preas, agus comhlachtaí/eagraíochtaí léiriúcháin.
Comhlachtaí agus eagraíochtaí maoinithe eile.
Institiúidí oideachais.
Rialtóirí agus comhlachtaí eile.
I gcúinsí áirithe, féadfaimid do d’fhaisnéis phearsanta a roinnt:
Sa chás go gceanglaítear orainn de réir an dlí, mar shampla le forfheidhmiú an dlí, An Garda Síochána san áireamh.
Le haghaidh imeachtaí cúirte nó imeachtaí dlíthiúla eile a bhfuil baint againn leo.
Chun críocha calaois a chosc.
Chun cúnamh leighis a fháil má tharlaíonn timpiste duit, ag cuimhneamh ar do leasanna.
Ní choinnímid do shonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar bhailíomar iad, nó níos faide ná mar a cheanglaítear nó a cheadaítear chun críocha gnó dlíthiúil, tuairiscithe, rialála agus dlisteanach. Agus tréimhsí coinneála á gcinneadh, cuireann an Chomhairle Ealaíon san áireamh na críocha dar bhailíomar do shonraí, mar aon leis an íogaireacht agus aon cheanglais dhlíthiúla nó eile.
Má tá aon cheist agat faoi cé chomh fada agus atá do shonraí á gcoinneáil againn, déan teagmháil linn ag dataprotection@artscouncil.ie.
Úsáideann an Chomhairle Ealaíon roinnt tríú páirtithe atá lonnaithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Ciallaíonn sé seo gur féidir do shonraí a aistriú chuig tír lasmuigh den LEE. Sa chás go dtarlaíonn aistrithe dá leithéid, cinnteoimid go gcuirfear leibhéal comhchosúil cosanta nó coimircíochta i bhfeidhm ar do shonraí. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Chomhairle Ealaíon do shonraí a aistriú chuig tíortha a measann an Chomhairle Eorpach go bhfuil leibhéal sásúil cosanta sonraí á sholáthar acu.
Má tá aon cheist agat maidir le haistrithe idirnáisiúnta nó maidir leis na meicníochtaí atá á n-úsáid againn chun do shonraí a aistriú lasmuigh den LEE, déan teagmháil linn ag dataprotection@artcouncil.ie.
Tá bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gComhairle Ealaíon chun na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn a choinneáil slán. Bainimid úsáid as íoslaghdú sonraí, anaithnidiú, rialuithe rochtana, criptiú agus gnéithe eile chun d’fhaisnéis phearsanta a chosaint.
Tá nósanna imeachta um shárú sonraí i bhfeidhm ag an gComhairle Ealaíon. Má tá imní ort faoi shárú féideartha ar do shonraí déan teagmháil linn ag dataprotection@artscouncil.ie.
Tá an ceart agat…
A bheith ar an eolas faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta. Áirítear leis seo an ceart faisnéis a iarraidh faoi cé acu a bhfuil nó nach bhfuil do shonraí á gcoinneáil againn agus cén fáth.
Rochtain a iarraidh ar do shonraí pearsanta (ar a dtugtar ‘iarratas duine ar a shonraí’ freisin). Ligeann sé seo duit cóip de do shonraí pearsanta a fháil. Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil roinnt díolúintí ann, mar sin seans nach bhfaighidh tú na sonraí go léir a phróiseálaimid.
Ceartúchán a iarraidh ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat iarraidh orainn aon sonraí neamhiomlána nó míchruinne atá againn fút a cheartú. I gcásanna áirithe, seans go mbeidh orainn na sonraí a sholáthraíonn tú dúinn a fhíorú.
Scriosadh do shonraí pearsanta a iarraidh. Faoin gceart seo, is féidir leat iarraidh orainn do shonraí pearsanta a scriosadh nó a bhaint i gcúinsí áirithe. Is féidir leat iarraidh orainn freisin do shonraí a scriosadh nó a bhaint sa chás gur dhiúltaigh tú próiseáil (féach thíos) nó i gcás ina ndearnamar próiseáil neamhdhleathach ar do shonraí. Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil teorainneacha ag baint leis an gceart seo, b’fhéidir nach mbeimid in ann do shonraí a scriosadh i gcónaí toisc nach mór dúinn cloí le hoibleagáidí dlíthiúla, nó d’fhéadfadh gur le leas an phobail é na sonraí a choinneáil. Cuirfimid é seo in iúl duit nuair a dhéanfaimid de réir d’iarratais.
Cur in aghaidh próiseáil do shonraí pearsanta. Sa chás go bhfuilimid ag brath ar leas dlisteanach, tá an phróiseáil mar chuid dár dtasc poiblí, nó má bhraitheann tú go bhfuil tionchar á imirt ar do chearta is féidir leat diúltú do phróiseáil do shonraí. Áirítear leis seo margaíocht dhíreach mar shampla más mian leat díliostáil ó nuachtlitir na Comhairle Ealaíon.
Diúltú do chinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh. Tá sé de cheart agat gan a bheith faoi réir cinnteoireachta agus/nó próifílithe uathoibrithe.
Srian ar phróiseáildo shonraí pearsanta a iarraidh. Féadfaidh tú iarraidh orainn próiseáil do shonraí a chur ar fionraí i gcúinsí áirithe. D’fhéadfadh sé seo tarlú, mar shampla, nuair is mian leat cruinneas na sonraí atá á gcoinneáil againn a dhearbhú, nó nuair a theastaíonn uait go gcoinneoimid na sonraí nuair nach gá dúinn iad a choinneáil ar chúiseanna dlíthiúla nó eile.
Aistriú do shonraí (’iniomparthacht sonraí’) a iarraidh. Nuair is mian leat go n-aistreofar do shonraí, cuirfimid do shonraí pearsanta ar fáil duit, nó do thríú páirtí atá roghnaithe agat. Cuirfimid do shonraí ar fáil i bhformáid leictreonach a úsáidtear go coitianta i gcásanna dá leithéid. Ní bhaineann sé seo ach le sonraí uathoibrithe a bhfuil toiliú tugtha agat dúinn a phróiseáil nó sa chás go bhfuil conradh againn leat.
Do thoiliú a tharraingt siar. Má thug tú do thoiliú le do shonraí a phróiseáil, féadann tú é seo a tharraingt siar am ar bith. Tabhair faoi deara nach gcuirfidh sé seo isteach ar dhlíthiúlacht na próiseála sula dtarraingeofar siar do thoiliú.
I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh orainn cruthúnas céannachta nó tuilleadh faisnéise a iarraidh ort chun d’iarratas a phróiseáil. Cuirfimid in iúl duit sna cásanna seo cad atá ag teastáil agus cén fáth.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi do chearta tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.
Is féidir leat do shonraí a nuashonrú linn má tá tú cláraithe ar ár suíomh gréasáin trí logáil isteach ar do chuntas agus do shonraí a nuashonrú faoin rannán ‘Seirbhísí Ar Líne’.
Is féidir leat do chuid sonraí a nuashonrú freisin trí theagmháil a dhéanamh linn, nó má tá cúnamh ag teastáil uait, trí ríomhphost a chur chuig reception@artscouncil.ie nó trí ghlaoch a chur ar (01) 6180 200 nó (01) 6180 243.
Ar an gcéad dul síos, más mian leat gearán a dhéanamh faoin gcaoi ar láimhseálamar nó ar úsáideamar do shonraí pearsanta, déan teagmháil lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí. Fáiltímid roimh ghearáin ar bith ionas gur féidir linn aon cheisteanna a chur ina gceart.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar na bealaí seo a leanas:
An Chomhairle Ealaíon
An tOifigeach um Chosaint Sonraí
70 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath Theas
Baile Átha Cliath 2, D02 NY52
Teileafón: +353 1 6180 200 or +353 1 6180 243
Ríomhphost: dataprotection@artscouncil.ie
Tá sé de cheart agat freisin gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta maidir leis an gcaoi a láimhseálaimid do shonraí. Mar eagraíocht Éireannach, is é Coimisinéir um Chosaint Sonraí na hÉireann ár n-údarás maoirseachta.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir ar na bealaí seo a leanas:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí (‘DPC’)
Suíomh Gréasáin: www.dataprotection.ie
Ar shuíomh gréasáin DPC, gheofar foirm ghréasáin trínar féidir leat dul i dteagmháil leis an gCoimisiún.
Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Seoladh:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam Theas
Baile Átha Cliath 2
D02 RD28
Éire
Le do thoiliú, bailímid sonraí trí na ‘fianáin’ a úsáidimid ar ár suíomh gréasáin. Is comhaid bheaga téacs iad fianáin a d’fhéadfaí a stóráil ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste ina gcoimeádtar sonraí a bhaineann le suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt air. Le haghaidh tuilleadh sonraí ar conas a úsáidimid fianáin, féach ár bPolasaí Fianán.
Tá naisc agus sonraí faoi shuíomhanna gréasáin tríú páirtí ar ár suíomh gréasáin, tabhair faoi deara nach bhfuil an Chomhairle Ealaíon freagrach as polasaithe príobháideachais de chuid suíomhanna gréasáin nach bhfuil á rialú nó á n-oibriú aici.
Cuirfear aon athruithe a dhéanfaimid ar an bhFógra Príobháideachais seo ar ár suíomh gréasáin. Tá an dáta nuashonraithe deiridh luaite ag barr an Fhógra seo. Is tusa atá freagrach as breathnú ar ár suíomh gréasáin go minic leis na hathruithe is déanaí a fheiceáil.