Bailiúchán na Comhairle Ealaíon
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach saothar ealaíne comhaimseartha ó bhí 1962 ann.
Insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann lenár mbailiúchán, ina bhfuil os cionn 1,400 saothar ealaíne anois.
Maidir le Bailiúchán na Comhairle Ealaíon
Tá disciplíní éagsúla i gceist leis na saothair ealaíne i mBailiúchán na Comhairle Ealaíon, lena náirítear dealbhóireacht, péintéireacht, taibhiú, priontaí, físeáin, suiteáin agus grianghrafadóireacht.
Tá saothair ón mBailiúchán ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann chun deis a thabhairt don phobal iad a fheiceáil agus aoibhneas a bhaint astu go pearsanta.
Ach sárshaothar comhaimseartha a cheannach agus a chur ar taispeáint, táimid ag tacú le healaíontóirí agus táimid ag feidhmiú mar chaomhnóirí na sárealaíne ar son mhuintir na hÉireann.

Breathnaigh ar Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ar líne
Is féidir amharc ar leaganacha digiteacha den uile shaothar ealaíne i mBailiúchán na Comhairle Ealaíon inár mbunachar sonraí ar líne.


Iasachtaí ón mBailiúchán
Is maith linn iarratais a fháil chun saothair ealaíne a fháil ar iasacht lena dtaispeáint in áiteanna ar féidir teacht orthu go héasca agus atá saor in aisce don phobal.

Ag Cur leis an mBailiúchán
Déanaimid machnamh ar líon tosaíochtaí straitéiseacha agus tosca éagsúla tráth cinntí a dhéanamh faoi shaothar úr a chur leis an mBailiúchán.
Déan teagmháil linn!
Má bhíonn ceist ar bith agat faoi Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, cuir ríomhphost chuig collection@artscouncil.ie.
