Ag Cur leis an mBailiúchán
Is iad seo a leanas na critéir nach mór a chomhlíonadh chun saothair nua a chur leis an mBailiúchán:
- Ní mór sár-shaothar a bheith ann (ar ardchaighdeán agus uaillmhianach)
- Ní mór saothar a rinneadh le déanaí a bheith ann
- Ní mór céim thábhachtach i ngairm an ealaíontóra a léiriú sna saothair
- Ní chuirfear saothair le healaíontóirí atá ceannaithe ag an gComhairle Ealaíon leis an mBailiúchán, cé is moite de shaothar ina bhfuil athrú suntasach i gcleachtas an ealaíontóra sin léirithe.

Barbara Knezevic | ‘Exquisite tempo sector’ | 2016 | Suiteán Ilmheán
Bíonn na saothair a cheannaítear faoi mhaoirseacht Choiste Saothar Faighte an Bhailiúcháin, coiste ar a bhfuil baill den Chomhairle Ealaíon, ealaíontóirí a bhfuil saothar leo sa Bhailiúchán cheana agus saineolaithe neamhspleácha.
Tá daoine ó chúlraí éagsúla ar an gcoiste d’fhonn a chinntiú go mbíonn an dúrud cineálacha cur chuige ann maidir le healaíontóirí agus cleachtais a bhreithniú.
Tagann an coiste le chéile roinnt uaireanta in aghaidh na bliana d’fhonn na saothair ealaíne úra ba cheart a fháil a phlé, a bhreithniú agus a chinneadh, i gcomhréir leis na critéir agus leis an mbeartas maidir le saothar faighte.

Áine Phillips | ‘Buttered Up’ | 2017 | físeán digiteach HD | 6 nóim, 43 soic