Pleanáil

Baineann pleanáil le bainistíocht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar thionchar na forbartha sin, idir dhearfach agus diúltach. Tá sainmhíniú leathan ag an bhforbairt agus sa chomhthéacs sin sainmhínítear í sa reachtaíocht mar “aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, nó istigh ann, nó thairis nó faoi nó aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.” 

Is Comhlacht Forordaithe nó Comhairlí Reachtúil í An Chomhairle Ealaíon sa phróiseas pleanála, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Ceanglaítear ar Údaráis Phleanála iarratais phleanála a sheoladh a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na healaíona agus ar an gcultúr, lena n-áirítear foirgnimh a bhfuil tábhacht ailtireachta chomhaimseartha leo, chuig an gComhairle Ealaíon le hathbhreithniú agus trácht a dhéanamh orthu.  

Minister Catherine Martin along with members of the Arts Council staff standin hard hats and reflective jackets as Grafton architects present at Dublin Port.
Ag tabhairt cuairt ar Champas Ealaíontóirí Chalafort Bhaile Átha Cliath.

Fógra a thabhairt don Chomhairle Ealaíon 

Mar chomhlacht forordaithe, ba cheart d’Údarás Pleanála fógra a thabhairt don Chomhairle Ealaíon, de réir na n-imthosca thíosluaite a leagtar amach in Airteagal 28(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) sna himthosca seo a leanas, mar shampla: 

  • ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite i limistéar taitneamhachta speisialta, nó go bhféadfadh an fhorbairt bac a chur ar aon amharc nó radharc maidir le luach taitneamhachta speisialta nó sainspéise. 
  • ina mbeadh cur i gcrích oibreacha i gceist leis an bhforbairt bheartaithe, nó ina millfí cuma déanmhais faoi chosaint nó cuma déanmhais atá beartaithe a chur faoi chosaint, nó ar an taobh amuigh den déanmhas atá suite laistigh de limistéar caomhantais ailtireachta. 
  • ina bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe dul i bhfeidhm, bac a chur, cur isteach, nó a bheith róchóngarach do ghné nó do réad is inspéise ó thaobh seandálaíochta, geolaíochta, eolaíochta, éiceolaíochta nó staire de nó gur Séadchomharthaí Náisiúnta iad. 

Ina theannta sin, tá suim againn freisin in Iarratais Phleanála sna himthosca seo a leanas: 

  • Forbairtí maidir le bonneagar nua nó a théann i bhfeidhm ar bhonneagar ealaíon atá ann cheana. 
  • Forbairtí maidir leis an réimse poiblí nó a dtéann i bhfeidhm ar an réimse poiblí, ina bhféadfadh rannpháirtíocht shibhialta agus chultúrtha tarlú, amhail cearnóga baile, páirceanna poiblí, foirgnimh phoiblí. 
  • Forbairtí maidir le déanmhais faoi chosaint nó a théann i bhfeidhm ar dhéanmhais faoi chosaint is inspéise ó thaobh ealaíon nó cultúir de. 
  • Forbairtí ar fhoirgnimh is inspéise ó thaobh suntais ailtireachta de ón 20ú haois ar aghaidh, a rannchuireann le cultúr na hailtireachta comhaimseartha in Éirinn. 

Ní bhíonn aon ról ag an gComhairle Ealaíon sa phróiseas Iarratais Phleanála in imthosca nach gcomhlíonann na critéir thuasluaite.  

Ba cheart an Chomhairle Ealaíon a chur ar an eolas freisin faoi na coinníollacha seo a leanas a bhaineann go sonrach le hobair an Údarás Áitiúil féin ó thaobh pleanála agus forbartha de (seachas iarratais tríú páirtí a dhéantar leis an Údaráis ar fhorbairt). Tugtar mionsonraí ar na nithe sin sna hailt seo a leanas den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). 

  • Alt 11 – Dréachtphlean Forbartha a ullmhú 
  • Alt 12 – Plean Forbartha a dhéanamh 
  • Alt 13 – athruithe ar Phlean Forbartha 
  • Alt 24 – comhairliúchán maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha 
  • Alt 55 – nós imeachta chun míreanna a chur le taifead na ndéanmhas faoi chosaint nó a scriosadh as 
  • Alt 85 – sainscéim rialaithe pleanála 
  • Alt 175 – measúnachtaí tionchair timpeallachta ar fhorbairt áirithe arna déanamh ag údaráis áitiúla nó thar a gceann. 

Le tuilleadh faisnéise a fháil, seol ríomhphost chuig planning@artscouncil.ie 

Nílimid ag glacadh le haighneachtaí cruachóipe faoi láthair, ba chóir naisc ábhartha a chur san áireamh i do ríomhphost. 

lengths of patterned material knotted together hangs over white balconys surrounded by other unknotted materials.
‘Gaol Break’ le Angela Fulcher ag Halla Chathair Chorcaí. Grianghraf: Jed Niezgoda.