Spreagann Fuadar Feabhra 2025 daoine óga lena “Rian a Fhágáil”
29 Eanáir 2025
5 am léitheoireachta

Tá an tionscnamh seo de chuid na Comhairle Ealaíon ar ais le clár mealltach imeachtaí.
Spreagtar Scoileanna agus Ionaid Óige ar fud na hÉireann a bheith rannpháirteach agus cruthaitheach!
Leabharlanna agus spásanna cultúrtha le páirt a ghlacadh in imeachtaí.
Seoladh Fuadar Feabhra inniu, an tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon a spreagann páistí agus daoine óga le ceiliúradh a dhéanamh ar a gcuid cruthaitheachta, i Leabharlann Trá Lí.
Ag tógáil ar an gcéad bhliain d’Fhuadar Feabhra a reáchtáladh anuraidh agus a raibh an-rath air, cuirimid fáilte arís roimh scoileanna, Ionaid Ógtheagmhála agus áiseanna oideachasúla ar fud na hÉireann an deis iontach seo a thapú chun bheith rannpháirteach agus tús áite a thabhairt do chruthaitheacht páistí agus daoine óga.
Aithníonn Fuadar Feabhra gur áiteanna ildánacha iad ár scoileanna, lán le daoine an-chruthaitheach. Is é téama na bliana seo ná ‘Do Rian a Fhágáil’ agus is é an aidhm ná páistí agus daoine óga a spreagadh agus misneach a thabhairt dóibh a gcuid smaointe a fhiosrú agus a roinnt le daoine eile.
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis Féilire Phleanála Fuadar Feabhra a chur chuig gach scoil in Éirinn chun cabhrú leo a ngníomhaíochtaí a phleanáil. Tá sraith acmhainní, amhail físeáin ghairide agus lámhleabhair treoracha ar fáil ag mol Fuadar Feabhra ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon le samhlaíocht daoine óga a ghríosú. Iarrtar ar scoláirí agus ar scoileanna a saothair chruthaitheachta a roinnt ar líne, an Chomhairle Ealaíon a chlibeáil agus an haischlib #FuadarFeabhra a úsáid.
Is é an ‘dúlra’ buntéama Fuadar Feabhra 2025. Bhí an dúlra i gcónaí mar fhoinse chumhachtach inspioráide ó thaobh na cruthaitheachta agus an mhachnaimh de, agus toisc gur le mí Feabhra a thosaíonn an t-earrach, spreagfaidh an téama seo scoláirí agus pobail scoile machnamh a dhéanamh ar athrú na séasúr agus ar an gcaoi ar féidir leis an gcruthaitheacht forbairt agus bláthú inár saol, i ngach aon rang agus i ngach aon scoil.
Ina theannta sin, beidh réimse gníomhaíochtaí á reáchtáil ag an gComhairle Ealaíon, lena n‑áirítear:
- Ceardlanna ar líne ar ghníomhaíochtaí amhail oragámaí agus líníocht;
- Seisiúin inspioráide ar líne do mhúinteoirí;
- Gairm ar phodchraoltaí iar-bhunscoile – cuirfear podchraoltaí ar fáil ar shuíomh gréasáin Fuadar Feabhra!
Mar chuid d’Fhuadar Feabhra, tá an Chomhairle Ealaíon ag obair i gcomhar le leabharlanna agus spásanna cultúrtha ar fud na tíre chun páistí agus daoine óga a spreagadh a gcuid samhlaíochta a chothú agus a rian a fhágáil ar an domhan.
Seo roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl:
- Tá Leabharlann Chester Beatty, Amharclann Náisiúnta Óige Luimnigh agus Ard-Mhúsaem na hÉireann, tar éis sraith acmhainní a chur ar fáil ar líne le cúrsaí cruthaitheachta agus folláine a fhiosrú;
- Beidh taispeántais agus gníomhaíochtaí á n-óstáil ag leabharlanna i gContae an Chláir, Contae Dhún na nGall, Contae Chiarraí, Contae na Mí, Contae Laoise agus Contae Phort Láirge, i rith mhí Feabhra;
- Roinnfidh Patricia Forde, Laureate na nÓg, an chaoi a bhfágann sí a rian linn ag imeacht sa Leabharlann Náisiúnta ar an 25 Feabhra.
Agus í ag labhairt faoi Fhuadar Feabhra, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon,
“Tógann Fuadar Feabhra 2025 ar an rath a bhain le clár imeachtaí na bliana seo caite a bhí ar an gcéad bhliain den cheiliúradh. Cuireann Fuadar Feabhra spás agus spreagadh ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga chun a gcuid nuálaíochta a léiriú maidir leis an gcaoi a mbíonn siad ag plé leis an ealaín. Trí pháistí agus daoine óga a spreagadh lena Rian a Fhágáil, cuireann an tionscadal seo deis iontach ar fáil chun an iliomad bealaí ina nglacann scoileanna agus pobail scoile leis an gcruthaitheacht a chothú agus a cheiliúradh. Mholfainn do gach scoil ar fud na tíre, a bheith páirteach i bhFuadar Feabhra agus cead a gcinn a thabhairt dá gcuid samhlaíochta.”
Dúirt Mags Walsh, Stiúrthóir Cláir Scoileanna Ildánacha:
“Is ceiliúradh ar an tsamhlaíocht agus ar an nuálaíocht é Fuadar Feabhra a reáchtáiltear i ngach scoil in Éirinn. Is deis iontach é do phobail scoile a saothar cruthaitheachta a fhiosrú, a chruthú, agus a roinnt. Tógann sé seo ar an rath a bhain leis an gcéad bhliain d’Fhuadar Feabhra in 2024 nuair a rinne scoláirí agus múinteoirí ceiliúradh ar gach ní a bhain leis an gcruthaitheacht. Táimid ag súil go mór le pobail scoile ó gach contae a fheiceáil i mbun ceiliúrtha agus gabhaimid buíochas lenár gcomhpháirtithe uilig ar fud na hÉireann atá ag cabhrú linn Fuadar Feabhra a reáchtáil agus beocht a chur ann.”