Léiríonn taighde nua ón gComhairle Ealaíon go bhfuil lucht féachana na nEalaíon ag filleadh ar na leibhéil chéanna a bhí ann roimh Covid
4 Feabhra 2025
5 am léitheoireachta

- D’fhreastail 83% de na daoine a rinne an suirbhé in 2024 ar imeacht ealaíon amháin ar a laghad sa 12 mhí roimhe, ardú 11% i gcomparáid le 2023
- Is iad costas agus luach ar airgead na príomhúdair imní is mó do lucht féachana agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le freastal ar imeachtaí ealaíon
- Ní aontaíonn ach 12% acu siúd a ghlac páirt sa suirbhé go láidir go bhfuil comhionannas deiseanna ann do gach duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn freastal ar agus páirt a ghlacadh sna healaíona
D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon taighde nua a léiríonn go bhfuil líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar imeachtaí ealaíon in Éirinn ag filleadh ar leibhéil a bhí ann roimh Covid.
Léiríonn na torthaí ón suirbhé bliantúil, Léargas ar na hEalaíona, gur fhreastail 83% de mhuintir na hÉireann ar imeacht ealaíon amháin ar a laghad sa 12 mhí roimhe sin, ardú 11% i gcomparáid le 2023, nuair b’ionann an figiúr seo agus 72%.
D’fhreastail 59% ar imeachtaí i bhfoirmeacha ealaíne a bhí maoinithe ag an gComhairle Ealaíon go traidisiúnta in 2024, lena n‑eisiatar freastal ar scannáin, ar cheoldrámaí, ar fhuirseoireacht ar na boinn, ar cheol tíre, rac-cheol nó popcheol. Tá an céatadán seo níos airde ná an 51% a bhí ann in 2023.
Léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar imeachtaí ealaíon ag filleadh ar leibhéil a bhí ann roimh Covid. In 2018, chuir 82% in iúl gur fhreastal siad ar imeacht ealaíon amháin ar a laghad, agus chuir 60% in iúl gur fhreastail siad ar imeachtaí i bhfoirmeacha ealaíne a bhí maoinithe ag an gComhairle Ealaíon go traidisiúnta.
Bunaithe in 2018, is é cuspóir Léargas ar na hEalaíona ná bearta críochnúla staitistiúla a bhunú ar mheon agus iompraíochtaí phobal na hÉireann maidir leis na healaíona agus cultúr; agus conas a thagann sé seo le hiompar tomhaltóirí agus nósanna maireachtála eile.
Don suirbhé in 2024, rinne Ipsos B&A agallaimh aghaidh ar aghaidh le sampla ionadaíoch náisiúnta de bhreis agus 1,000 duine fásta os cionn 16 bliana d’aois, thar ceann na Comhairle Ealaíon.
Leag torthaí an tsuirbhé béim ar chostas imeachtaí agus luach ar airgead mar príomhúdair imní don lucht féachana agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le freastal ar imeachtaí ealaíon.
Deir 44% acu siúd a chuir in iúl gur mhian leo freastal ar imeachtaí ealaíon níos minice gur constaic is ea an costas a bhaineann leo. Tá an figiúr seo níos airde ná an 39% a bhí ann in 2023.
Deir 39% acu siúd a ghlac páirt sa suirbhé go raibh siad ‘thar a bheith sásta’ leis an luach ar airgead a bhain lena n-eispéireas is déanaí ag freastal ar imeacht ealaíon. Is titim shuntasach í seo ó 50%, an céatadán a bhí ann in 2018.
Chomh maith leis seo, leagann torthaí an tsuirbhé béim ar údair imní a bhaineann le comhionannas rochtana ar eispéiris ealaíon. Níor aontaigh ach 12% acu siúd a ghlac páirt sa suirbhé go láidir ‘go bhfuil comhionannas deiseanna ann do gach duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn freastal ar agus páirt a ghlacadh sna healaíona, beag beann ar aois, aicme, eitneacht, míchumas, srl.’. Deir 31% acu siúd atá ag iarraidh freastal ar imeachtaí ealaíon níos minice go bhfuil rogha teoranta ann nó caighdeán íseal den chineál seo imeachta san áit a bhfuil cónaí orthu.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Cuirimid fáilte mhór roimh an bhfianaise, a léiríonn Léargas ar na hEalaíona dúinn, go bhfuil líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar imeachtaí ealaíona in Éirinn tar éis filleadh ar na leibhéil chéanna is a bhí ann roimh Covid. Ba mhaith liom obair dhian ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a mholadh go hard as lucht féachana nua agus lucht féachana atá ag filleadh ar na healaíona a mhealladh, i ndiaidh an tionchair dhomhain a bhí ag an bpaindéim ar an earnáil ealaíon.
D’imir leibhéil mhéadaithe infheistíochta an rialtais ról ríthábhachtach maidir le tacaíocht a thabhairt don earnáil tríd na dúshláin a bhí ann le blianta beaga anuas, ach is léir ó thorthaí an tsuirbhé go bhfuil costas agus cúinsí eacnamaíochta mar phríomhchonstaicí ar fhreastal ar imeachtaí ealaíon go fóill.
Tá an-luach ag baint le torthaí an tsuirbhé Léargas ar na hEalaíona maidir lenár n-obair a threorú le tírdhreach ealaíon níos ilchineálaí agus níos ionchuimsithí a fhorbairt ina mbeidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh.
Táimid ag súil go mór le torthaí an tsuirbhé a phlé le daoine eile san earnáil agus sa rialtas sna seachtainí romhainn agus muid ag leanúint ar aghaidh ag obair lena chéile le hearnáil na n-ealaíon a fhorbairt d’ealaíontóirí agus don lucht féachana araon.”