Tuarastail agus pinsean
Tá tuarastail na Comhairle Ealaíon bunaithe ar bheartas pá na hearnála poiblí. Ní dhéanfar aon phlé orthu. Sonraítear raon na dtuarastal le haghaidh gach róil sa Leabhrán Eolais d’Iarratasóirí.
Tosóidh na hiarratasóirí a cheapfar ag tús an scála tuarastail de réir threoirlínte an Rialtais, mura bhfuil taithí acu cheana féin san earnáil phoiblí. Má oibríonn tú faoi láthair sa tseirbhís shibhialta/phoiblí, féadfaidh tú aistriú chuig scála tuarastail na Comhairle Ealaíon, faoi réir dhearbhú d’fhostóra reatha.
Téann fostaithe na seirbhíse poiblí, a cheaptar i bpoist inphinsin, i bpáirt le Scéim Pinsean Aonair na Seirbhíse Poiblí.

An t-imeacht Buail leis an gComhairle Ealaíon, ag an Complex i mBaile Átha Cliath. Grianghraf: Ger Holland.