Faoin bpróiseas iarratais 

Léigh ár dtreoir céim ar chéim faoi conas d’iarratas a ullmhú agus a chur isteach. 

An t-imeacht Buail leis an gComhairle Ealaíon, ag an Complex i mBaile Átha Cliath. Grianghraf: Ger Holland.

1. Ag Tosú

Ar dtús féach ar Phróifíl an Róil agus Leabhrán Eolais d’Iarratasóirí a bhaineann leis an bpost ar spéis leat cur isteach air. 

2. D’iarratas a ullmhú 

Inár bPróifílí Róil atá Bunaithe ar Inniúlacht, sainaithnítear na príomhinniúlachtaí atá riachtanach le ról ar leith a chomhlíonadh go rathúil. Is féidir teacht ar liosta de na hinniúlachtaí seo agus tuairiscí orthu sna Leabhráin Eolais d’Iarratasóirí. Cuir tuairisc mhionsonraithe agus chruinn ar do scileanna agus do thaithí san áireamh i d’iarratas, le do thoil. 

3. An próiseas earcaíochta agus an amlíne

D’fhéadfadh sé seo a bheith éagsúil de réir an róil. Cuirfear sonraí ar fáil le linn phróiseas an iarratais.  

4. D’iarratas a chur isteach

Cuirtear iarratais isteach trí Hirehive. Chomh luath is atá d’iarratas curtha isteach, seolfaimid ríomhphost admhála chugat. Úsáidfimid an seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin ar do CV le dul i dteagmháil leat, mar sin déan cinnte go bhfuil na sonraí sin suas chun dáta. 

5. Suim agat cur isteach ar níos mó ná ról amháin?

Má oireann níos mó ná post amháin do do scileanna agus suimeanna, is féidir leat cur isteach ar níos mó ná ról amháin. Ní mór cloí leis an bpróiseas iarratais atá sonraithe do gach ról ar leith. 

6. Ná dearmad an t-iarratas a chur isteach roimh an spriocdháta

Chun cothroime a chinntiú, ní ghlacfar le hiarratais a bheidh déanach nó neamhiomlán. Is fútsa atá sé cloí le nósanna imeachta an iarratais. 

Ár bpróiseas roghnúcháin  

D’fhéadfadh an próiseas a bheith éagsúil de réir an róil, ach de ghnáth bíonn sé mar a leanas: 

  • Gearrliostú. Déanann an sainphainéal roghnúcháin iarratasóirí a ghearrliostú de réir an eolais atá sna hiarratais (litir agus CV araon). Meastar na hiarratais de réir critéir réamhshocraithe i bPróifíl an Róil. Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, rachaidh an fhoireann earcaíochta i dteagmháil leat le cuireadh a thabhairt duit chun agallaimh.  
  • An chéad agallamh. Le haghaidh ghrád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin agus níos airde, iarrtar ort cur i láthair a dhéanamh. Cuirfear ar an eolas thú roimh ré má theastaíonn sé sin. 
  • An dara hagallamh (de réir mar is gá). D’fhéadfadh cur i láthair nó cleachtadh eile a bheith san áireamh leis sin.  
An t-imeacht Buail leis an gComhairle Ealaíon. Grianghraf: Ger Holland.