Tá Oíche Chultúir ag Teannadh Linn! “Conas a chaithfidh tú Oíche Chultúir Dé hAoine seo chugainn, an 20 Meán Fómhair?”
10 Meán Fómhair 2024
19 am léitheoireachta

Inniu, spreagann an Chomhairle Ealaíon gach duine chun tús a chur le pleananna a dhéanamh do ‘Conas Oíche Chultúir 2024 a Chaitheamh’. Agus í ar siúl Dé hAoine seo chugainn, an 20 Meán Fómhair, beidh Oíche Chultúir 2024 ag tógáil ar an rath a bhí uirthi anuraidh, inar ghlac 1.2 milliún duine páirt i mbreis agus 1,700 imeacht cultúrtha saor in aisce ar fud na tíre. I mbliana, tá sé mar aidhm ag Oíche Chultúir a bheith níos ionchuimsithí, níos inrochtana agus níos éagsúla fós, agus an chuid is fearr de na healaíona traidisiúnta agus de na healaíona atá ag teacht chun cinn in Éirinn a thaispeáint ag an am céanna.
Conas a caithfidh tú Oíche Chultúir?
Tá an Chomhairle Ealaíon ag leagan béim ar an iliomad bealaí ar féidir le daoine Oíche Chultúir a chaitheamh, bídís ag tabhairt faoi chamchuairt, ag glacadh páirt i gceardlann amharc-ealaíon, ag rince leis an gceol ag gig nó ag triail rud éigin úrnua. Is ann do rud éigin a oireann do gach riachtanas agus rogha, agus is féidir leis an lucht féachana agus éisteachta suíomh gréasáin Oíche Chultúir a sheiceáil le fáil amach faoi inrochtaineacht agus an méid a oirfidh dóibhsean ANSEO. Do dhuine ar bith nach bhfuil cinnte conas Oíche Chultúir a chaitheamh mar theaghlach, ar choinne, nó i gcás ina bhfuil luaineacht theoranta acu, tá na freagraí ar an suíomh gréasáin www.culturenight.ie. Cuirfear nuashonruithe ar fáil ar an suíomh gréasáin agus ar chainéil na meán sóisialta maidir le himeachtaí nua a chuirtear leis suas go dtí an 20 Meán Fómhair.
Tá roinnt de na healaíontóirí agus na daoine de lucht cultúrtha na n‑ealaíon is fearr in Éirinn ag scaipeadh an eolais faoi Oíche Chultúir. I measc na nAmbasadóirí sin d’Oíche Chultúir, tá Stiofán Ó Fearail, amhránaí, cumadóir amhrán, ceoltóir agus duine de bhunaitheoirí an ghrúpa tíre chomhaimseartha dhátheangaigh Seo Linn, a bheidh ag ceol ag An Chomhairle Ealaíon; mórcheoltóir popcheoil SexyTadhg, a bheidh ag glacadh páirt san imeacht Mockie Ah!: Camp Culture in Amharclann an Everyman i gCorcaigh; rapálaí, cumadóir amhrán agus duine de na hainmneacha is iontaí i saol hip hap na hÉireann, Celaviedmai, a bheidh ag ceol ag Féile Ceoil agus Ealaíon Sionna i gCaisleán Rí Eoin i Luimneach; an damhsóir traidisiúnta extraordinaire agus údar leabhar do pháistí Edwina Guckian, a bheidh ag glacadh páirt i gcraoladh RTÉ; agus scríbhneoir, podchraoltóir agus urlabhraí ar son na hinbhuanaitheachta, Keelin Moncrieff, a bheidh páirteach in imeachtaí timpeall chathair Bhaile Átha Cliath.
Beidh imeachtaí ar siúl i mbliana i ngach contae, agus i spásanna uirbeacha agus tuaithe araon. Beidh Oíche Chultúir Dhéanach ann arís agus beidh 45 imeacht bhreise saor in aisce ar siúl go déanach san oíche. Cuirtear an tionscnamh ar fáil a bhuí leis an tacaíocht bhreise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin Tascfhórsa Geilleagair Oíche.
Ag tagairt di do sheoladh Oíche Chultúir 2024, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD an méid seo:
“Tá fás rábach i ndiaidh teacht ar Oíche Chultúir le 19 mbliana anuas ó cuireadh tús léi agus tá ríméad ar mo roinn tacú leis an tionscnamh uathúil iontach seo a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht mhór cultúir atá ar fáil ar ár n‑oileán. Sluán atá sa teachtaireacht ‘Oíche Dár Saol’ ar ndóigh, ach níos tábhachtaí fós, is prionsabal é, de réir mar a oibríonn an Chomhairle Ealaíon chun eispéireas níos cuimsithí agus níos inrochtana fós a chruthú do gach duine inár bpobal ar Oíche Chultúir. Ní bheadh Oíche Chultúir chomh rathúil céanna gan obair ríthábhachtach na nÚdarás Áitiúil, a chuireann lena rathúlacht leanúnach bliain i ndiaidh bliana. Is díol spreagtha dúinn uile é an ráta ollmhór rannpháirtíochta le hOíche Chultúir i measc an lucht féachana agus éisteachta ó seoladh í agus táimid ag tnúth le gach duine a bheith ag dul amach agus a bheith páirteach ina gceantair áitiúla Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair.”
Dúirt Maura McGrath, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an méid seo:
“Oíche uathúil is ea Oíche Chultúir, ina dtagann pobail ar fud na hÉireann le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar bheocht agus ar éagsúlacht ár n‑ealaíon. Agus mé i mo chéad bhliain mar Chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon, tá lúcháir orainn réimse níos leithne fós d’imeachtaí a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar an uile spéis agus cumas. Ó cheardlanna go gigeanna, agus imeachtaí a bheidh ar siúl déanach san oíche, is iomaí bealach atá ann le bheith páirteach. Tabharfaidh ár suíomh gréasáin agus ár gcainéil shóisialta treoir duit gach céim den bhealach, lena chinntiú gur féidir le gach duine teacht ar a mbealach uathúil féin le taithí a fháil ar dhraíocht Oíche Chultúir 2024.”
Agus í faoi mhaoirseacht na Comhairle Ealaíon, oibrítear Oíche Chultúir i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla agus eagraíochtaí cultúrtha ar fud an oileáin. Tugann an oíche léargas ar chaighdeán agus fairsinge na n‑eisiúintí cultúrtha éagsúla in Éirinn, agus cuirtear lucht féachana agus éisteachta ar an eolas faoi ionaid nua agus tallann atá ag teacht chun cinn. Ag ceiliúradh luachanna na hoscailteachta, na fionnachtana agus an mhuintearais, tá na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le hOíche Chultúir 2024 saor in aisce. Cabhraíonn líon mór daoine, áiteanna agus ionaid tionóil le cinntiú go dtarlóidh sé, lena n‑áirítear ealaíontóirí, grúpaí léirithe, dánlanna, iarsmalanna, clubanna spóirt, leabharlanna, ionaid ealaíon, oibrithe ceardaíochta, stiúideonna, amharclanna, grúpaí pobail, comhlachtaí poiblí, cuideachtaí iompair, ollscoileanna agus sibhse an lucht féachana.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid seo:
“Beidh Oíche Chultúir 2024 ar an gceiliúradh is cuimsithí agus is dinimiciúla dá raibh ann riamh. Léirigh rannpháirtíocht ollmhór na bliana seo caite an chumhacht atá ag an gcultúr chun braistint phobail a chruthú, agus táimid ag tógáil ar an bhfuinneamh sin i mbliana chun freastal ar níos mó daoine fós, i níos mó áiteanna fós, ar fud na tíre. Más iad na healaíona traidisiúnta is spéis duit nó má tá rud éigin úrnua uait, is ann do rud éigin do chách. Molaimid do gach duine tús a chur leis an bpleanáil anois—cá mbeidh tusa ar Oíche Chultúir? Níl aon amhras ach gur oíche den scoth a bheidh ann.”
I measc na mbuaicphointí ó gach cearn den tír, do gach aois agus spéis, tá
- A Stitch in Time – Upcycling Workshop, Ráth Iomgháin, Co. Chill Dara, a thabharfaidh leideanna agus scileanna leis an leas is fearr is féidir a bhaint as éadaí agus earraí fabraice tí. Féadfaidh an lucht freastail idir trí agus cúig sheanearra éadaí nó teicstílí a thabhairt leo (cuirtear gach ábhar eile ar fáil) le deisiú, le huaschúrsáil nó le hathchruthú ina n‑earraí úrnua. Níl gá le taithí fuála; ó ghreim scaoilte a dheisiú go muinchillí lása a chur leis nó muineál a ghearradh síos, is féidir an uile rud a dhéanamh le beagán treorach. Ceardlann spraíúil chruthaitheach eolasach is ea seo atá oiriúnach do chách.
- Ceolchoirm Bhanna Bhaile an Mhuilinn Chearr, tá an-áthas ar an Muileann gCearr taibhiú ceoil siamsúil a chur i láthair in éineacht le Colourguard i gCearnóg an Mhargaidh, an Muileann gCearr le haghaidh Oíche Chultúir 2024.
- Ceardlann buail isteach ‘Myths and Monstrosities’ ag Dánlann Luan, Baile Átha Luain, a thabharfaidh deis do rannpháirtithe treoir a fháil agus iad ag cruthú a ndeilbhín féin d’arracht nó de chréatúr miotasach ag úsáid ábhair cheardaíochta. Ag freagairt do théamaí “an duine arrachtaigh eile” agus na miotaseolaíochta atá le sonrú i dtaispeántas Kevin Mooney Tuberculosis, rachaidh na rannpháirtithe i mbun plé criticiúil leis an éascaitheoir faoi choincheap an uafáis agus úsáid na miotaseolaíochta inár saol laethúil.
- Spark a Love of Stories with Ireland’s Children’s Book Artists, Cathair Bhaile Átha Cliath, a thabharfaidh cuireadh do chuairteoirí a bheith páirteach le Laureate na nÓg Patricia Forde agus cuid de na húdair agus maisitheoirí is fearr de leabhair do leanaí in Éirinn le haghaidh oíche dhraíochtach de scéalaíocht bheo i bhfuinneog Shiopa Leabhar Dubray ar Shráid Grafton.
- Reels on the Bus, an Longfort, ar ceardlann idirghníomhach ceoil thraidisiúnta agus seisiún ceoil thraidisiúnta beo é atá oscailte do scoláirí meánscoile sa Longfort. Tá sé d’aidhm ag Reels on the Bus ceol traidisiúnta na hÉireann a chur i láthair do dhaoine óga le ceardlann uair an chloig maidir le seinm an bhodhráin. Tá an cheardlann thumthach seo oscailte do ghlantosaitheoirí agus do cheoltóirí a bhfuil taithí acu araon agus foghlaimeoidh siad an dóigh le ceol traidisiúnta beo a thionlacan i dtimpeallacht spraíúil chomhoibríoch.
- Wild & Fired Indian BBQ Feast With Rooh Vodka, Doire, a thugann cuireadh d’aíonna a bheith páirteach le Lo & Slo ag Garraí Daingean fíorálainn Eastát Brook Hall le haghaidh imeacht cumaisc beárbaiciú ghastranómaigh nach bhféadfaidh tú dearmad a dhéanamh air. Beidh aíonna in ann taitneamh a bhaint as manglaim eisiacha arna ndéanamh ag an manglamóir deochanna clúiteach Dee Coll, “Fear na Manglam”, mar aon le féasta blasta trí chúrsa cócaráilte ar an tine ina dtabharfar spíosraí dána ó fhréamhacha Puinseábacha Lee agus mealltacht deataigh bheárbaiciú Meiriceánach Emily le chéile.
- Going Global – A Global Citizenship Education Workshop, Liatroim. Tá Ionad d’Obair Dheonach Liatroim agus Comhlámh ag óstáil ceardlann tráthnóna ina bhfiosrófar spás le haghaidh fiosrúchán oscailte agus ina ndéanfar iarracht spás dá leithéid a chruthú, chun fiosrú a dhéanamh ar an domhan casta idirspleách éagothrom ina mairimid, agus chun todhchaí níos córa agus níos inbhuanaithe a shamhlú do chách.
- DoodleSong, i gCloich na Coillte, Corcaigh, ar ócáid é do leanaí idir trí agus sé bliana d’aois agus a ndaoine fásta a bheith le chéile ag canadh agus a gcuid crián a thabhairt ar sciuird. Agus urlár clúdaithe le páipéar ina spás ealaíonta, beidh amhráin ann mar aon le scéalta faoi Éirinn ársa, faoi bháid agus faoi thurais, faoi stoirmeacha agus faoi thonnta draíochta
- Dublin Ink Tattoo Culture Experience, Barra an Teampaill agus an Ceantar Cruthaitheach, Cathair Bhaile Átha Cliath, a thugann an deis le taithí a fháil ar ealaín na tatuála ar bhealach uathúil spraíúil ina roinneann na healaíontóirí cumasacha ag Dublin Ink a gcuid scileanna agus ina léiríonn siad do chuairteoirí an dóigh le tatú a dhéanamh – ag úsáid bananaí!
- Ócáid Ilchultúrtha Westport FRC, Cathair na Mart, Maigh Eo, a bheidh ar siúl i Scoil an Chroí Ró-Naofa i gCathair na Mart. San imeacht seo atá oiriúnach do theaghlaigh déantar ceiliúradh ar thaipéis shaibhir na gcultúr sa phobal le réimse tarraingteach gníomhaíochtaí. Féadfaidh an lucht freastail dul ó thábla go tábla ar a léireofar tíortha éagsúla, agus féadfaidh siad taitneamh a bhaint as bianna, earraí ceardaíochta agus taispeántais chultúrtha thraidisiúnta. Cuirfear léarscáil den domhan ar fáil d’aíonna le gur féidir leo na háiteanna as a dtagann siad a mharcáil, agus taispeánfaidh go leor rannpháirtithe a n‑éadaí traidisiúnta áille.
- ‘Critters’ – A Sculpture And Performance Trail, Leitir Ceanainn, Dún na nGall, ar cinnte go mbeidh sé ina thráthnóna nach ndéanfaidh tú dearmad air agus Carnabhal Inis Eoghain ag cur rian dealbhóireachta agus léirithe i láthair trí Pháirc Baile Leitir Ceanainn.
Arís eile i mbliana, beidh sraith imeachtaí ar siúl le haghaidh Oíche Chultúir Dhéanach níos moille san oíche, mórán acu tar éis meán oíche. Cuirtear an tionscnamh i láthair a bhuí le tacaíocht bhreise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin Tascfhórsa Geilleagair Oíche. I measc na mbuaicphointí ó chlár Oíche Chultúir Dhéanach na bliana seo tá:
- Lumina, i dTuaim, Co. na Gaillimhe, ar ócáid oíche é a bhainfeadh an anáil díot agus a mheallfaidh an lucht féachana agus aghaidh Ardeaglais Thuama á claochlú ina canbhás solais agus fuaime le teilgean agus taibhiú córúil beo.
- Oíche Chultúir Dhéanach Top 8, Luimneach, arb é an aidhm atá aige cultúr bríomhar Damhsa Sráide agus Hip Hap na hÉireann atá ag fás i gcónaí a chothú. Beidh an t‑imeacht seo ar siúl in dhá ionad tionóil i gCathair Luimnigh, ina léireofar cultúr saibhir rúnda an Nua-Afralachais-Éireannaigh agus ina ndéanfar ceiliúradh ar scoth an cheoil le DJanna ar nós Ceese atá lonnaithe i Luimneach agus Mona Lxsa ó Gxrl Code.
- Cearnóg Theach an Tionóil: JyellowL, Barra an Teampaill agus an Ceantar Cruthaitheach, Cathair Bhaile Átha Cliath, áit a mbeidh JyellowL ag taibhiú ar an stáitse don uile mhothú ag Cearnóg Theach an Tionóil. Taibhiú ardfhuinnimh a thabharfaidh sé uaidh le liriciúlacht a rachaidh i bhfeidhm ar na haon duine, agus tá a chuid amhrán dinimiciúil idir phearsanta agus phráinneach, agus is cinnte go gcuirfidh siad daoine ag bogadh agus go mbogfar a gcroíthe san am céanna. Ar na léirithe eile a bheidh ag Cearnóg Theach an Tionóil, tá BPM Collective agus Culchie Goth, i measc daoine eile.
- OTHERWORLD, Cathair na Gaillimhe, i ndiaidh an ratha ollmhóir a bhí ar Oíche Chultúir 2023, agus tá “”OTHERWORLD”” á chur i láthair go bródúil ag Gailearaí Outset i gcomhar leis an léiritheoir Emmet Kerrigan. Ócáid ealaíon ildisciplíneach uaillmhianach í seo a thabharfaidh an lucht féachana trí thírdhreach fairsing, a chuimseoidh réimsí agus stáitsí éagsúla agus ina dtaispeánfar ceoltóirí den chéad scoth ó Ghaillimh agus níos faide i gcéin.
- Way Of The West X Connollys Of Leap, Corcaigh, a thugann cuireadh don lucht féachana blaiseadh a fháil de dhraíocht Oíche Chultúir in éineacht le Way of the West (WOTW) – imeacht ceoil agus ealaíne a bheidh ar siúl go déanach san oíche. Beidh roinnt de na hainmneacha is iontaí i saol an cheoil le feiceáil i measc na gceoltóirí, amhail Darren Emerson, JFDR, Curtisy, Billy Scurry, Arveene, Bon Voyage, Dj Iphone Charger agus Little O.
I ndiaidh an ratha a bhí air anuraidh, tá tionscadal bronntanais leabhar na Comhairle Ealaíon Read Mór ar ais don tríú bliain. I mbliana, tá an Chomhairle Ealaíon ag gabháil i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar Oíche Chultúir chun liosta coimeádaithe de theidil ó údair Éireannacha agus údair lonnaithe in Éirinn a bhronnadh laistigh de gach príosún go náisiúnta.
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ag cur imeachtaí i láthair i 20 ceann dá réadmhaoin mór le rá ar fud na hÉireann. I mbliana, trína comhpháirtíocht le Pavee Point, tá an Chomhairle Ealaíon ag caitheamh solas ar an gceiliúradh ar Chultúr an Lucht Siúil agus na Romach. Trínár gcomhpháirtíocht leanúnach le tionscnamh We Act de chuid The Wheel, déanaimid ceiliúradh ar Oíche Chultúir ar obair charthanachta agus phobail freisin mar chuid dár gcreatlach cultúrtha.
Tá RTÉ ag tacú go bródúil arís le hOíche Chultúir, agus déanfaidh craoladh beo ar fud an raidió, na teilifíse agus ar líne ó iliomad ionaid réigiúnacha ó 7 i.n. Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair. Craolfaidh RTÉ One agus RTÉ Player ócáid mhór cheoil agus ealaíon ina mbeidh Ceolfhoireann RTÉ. Beidh léiriú réamhthaifeadta David Gray agus Choilm Mhic Con Iomaire ó Sceilg Mhichíl ann agus na healaíontóirí Villagers, Joe Chester, Gemma Hayes agus Edwina Guckian ag taibhiú freisin mar chuid de chlár RTÉ.
Craolfar clár speisialta de Arena ó RTÉ Radio 1 beo ó Mermaid Arts Centre (Ionad Ealaíon na Maighdine Mara) i mBré, ina mbeidh ceol, comhrá agus taibhiú. Cuireann 2FM Rising ar Oíche Chultúir oíche ceoil bheo nár cheart a chailleadh i láthair sa Róisín Dubh i nGaillimh le rogha de chuid de na ceoltóirí is iontaí in Éirinn, ina measc Big Sleep, Chubby Cat, Brad Heidi agus neart daoine eile. Beidh The Tracy Clifford Show de chuid 2FM beo ó Ghaillimh, agus cuirfidh sé tús leis an oíche sula mbeidh Beta Da Silva ina óstach ar chraoladh beo 3 uair an chloig, rud a thabharfaidh an t‑aicsean ar fad duit ón ócáid.
Cuireann RTÉ Lyric FM Ambient Orbit i láthair, imeacht beo ar Oíche Chultúir ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i gcomhpháirtíocht le Douglas Hyde Gallery. Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beidh an clár Cuireadh Chun Ceoil le Peadar Ó Riada a chraoltar ar an Aoine idir 7 i.n. agus 9 i.n. Tá RTÉ ag tacú le hOíche Chultúir freisin ar fud na teilifíse, an raidió, ar líne agus ar na meáin shóisialta trína scéim Ag Tacú leis na hEalaíona.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Oíche Chultúir agus chun coinneáil suas le himeachtaí nua a chuirfear ar an gclár, téigh chuig www.culturenight.ie nó glac páirt sa chomhrá ar chainéil na meán sóisialta ag úsáid #OneNightForAll agus/nó #OícheDárSaol ag Facebook, Twitter, Instagram, YouTube agus TikTok Oíche Chultúir.
#OneNightForAll | #OícheDarSaol