Taibhiú sráide agus seónna

Seolann an Chomhairle Ealaíon Beartas maidir le Mórthaibhsiú Sráide agus Seónna

16 Nollaig 2024

5 am léitheoireachta

Arts Council logo
  • An chéad bheartas dá leithéid maidir le Taibhiú Sráide agus Seónna
  • Neartaíonn sé tuairim na Comhairle Ealaíon gur cheart go mbeadh rochtain ag cách ar na healaíona
  • Béim ar chomhpháirtíocht phobail agus ar Chomhpháirtíochtaí leis na hÚdaráis Áitiúla

Cuireann sé bród ar an gComhairle Ealaíon a Beartas maidir le Mórthaibhsiú Sráide agus Seónna agus a Plean Forfheidhmithe Straitéise a chur i láthair, tionscnamh ceannródaíoch lena leagtar amach fís d’Éirinn ina léireofar meas agus ómós do na cleachtais chruthaitheacha a bhaineann le Mórthaibhsiú Sráide agus Seónna agus ina gcothófar iad.

Leis an mBeartas seo maidir le Taibhiú Sráide agus Seónna, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn, féachtar le haitheantas a thabhairt don luach agus don tábhacht ar leith a bhaineann leis na foirmeacha ealaíne seo.  Tá sé d’aidhm aige freisin an fhéidearthacht maidir le rannpháirtíocht fhiúntach, ardchaighdeáin leis na healaíona a chuireann na foirmeacha ealaíne seo ar fáil do shochaí uile na hÉireann a léiriú.

Cuimsíonn Taibhiú Sráide léirithe beo lasmuigh, a bhíonn saor in aisce de ghnáth, agus tagraíonn Seónna do léirithe feiceálacha ina mbíonn flótaí, glóir-réimeanna, agus struchtúir mhórscála, go minic i gcomhthéacs féilte.  Bíonn figiúirí arda maidir le rannpháirtíocht an phobail bainte amach ag an dá fhoirm ealaíne agus meallann siad déimeagrafaigh éagsúla isteach.

I mBeartas nua na Comhairle Ealaíon cuirtear pá cóir d’ealaíontóirí i dtábhacht, chomh maith le forbairt gairme inbhuanaithe, agus deiseanna oiliúna gairmiúla feabhsaithe.  Tugtar aitheantas ann freisin do ról rí-thábhachtach na nÚdarás Áitiúil, Féilte agus Ionad Ealaín chun tacú le forbairt agus cur i láthair saothar i bpobail ar fud na hÉireann, agus éilítear ann níos mó deiseanna comhchruthaithe, ina gcomhoibreodh ealaíontóirí agus pobail chun tionscadail a fhorbairt sna háiteanna ina bhfuil cónaí orthu.

Léiríonn an beartas réimse beartas straitéiseach éagsúil eile de chuid na Comhairle Ealaíon – an beartas Luach Saothair don Ealaíontóir agus an Beartas ComhionannaisÉagsúlachta agus Ionchuimsitheachtasan áireamh – agus tá béim láidir ann ar fhorbairt na n-ealaíon a chinntiú do chách in Éirinn, beag beann ar a n-áit chónaithe, agus i gcomhréir leis an mbeartas spásúlachta Áit, Spás agus Daoinede chuid na Comhairle Ealaíon.

Dúirt Maura McGrath, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:

“Tá seoladh an Bheartais maidir le Mórthaibhsiú Sráide agus Seónna ina uain chinniúnach i bhforbairt thírdhreach na n-ealaíon in Éirinn. Leis an mBeartas seo tugtar aitheantas do luach ollmhór Mórthaibhsithe Sráide agus Seónna mar fhoirmeacha ealaíne atá bríomhar agus ionchuimsitheach agus atá in ann athrú ó bhonn a dhéanamh ar phobail agus creatlach chultúrtha ár náisiúin a shaibhriú. Agus sinn ag féachaint i dtreo na todhchaí, tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do chinntiú go dtacófar leis na cleachtais ealaíne seo, go gceiliúrfar iad, agus go dtabharfar dóibh an t-aitheantas atá tuillte acu. Trí infheistíocht a dhéanamh inár n-ealaíontóirí agus rannpháirtíocht fhiúntach le luchtanna féachana a chothú, tá sé mar aidhm againn eispéireas cultúrtha níos bríomhaire agus níos ionchuimsithí a chruthú do chách.”

Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid seo:

“Is céim thábhachtach é an beartas nua seo chun forbairt agus inbhuanaitheacht Mórthaibhsithe Sráide agus Seónna a chothú ar fud na hÉireann. Le béim ar údarás áitiúil, comhpháirtíochtaí, agus gairmeacha inbhuanaithe d’ealaíontóirí, agus le níos mó rannpháirtíochta ón bpobal, is é is aidhm leis an mbeartas ealaíontóirí a chumasú ionas go gcruthóidh siad eispéiris láidre agus ionchuimsitheacha do luchtanna féachana, beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí orthu. Ba é misean na Comhairle Ealaíon i gcónaí a chinntiú go bhfuil rochtain ag cách ar na healaíona, agus leis an mbeartas seo, ní hamháin go bhfuilimid ag tacú leis na healaíontóirí, ach táimid ag cur leis an nasc idir daoine agus na healaíona chun tír níos cruthaithí agus níos aontaithe a chruthú in Éirinn.”

Tá an Beartas nua maidir le Mórthaibhsiú Sráide agus Seónna mar chuid de thiomantas leanúnach na Comhairle Ealaíon chun a fís straitéiseach deich mbliana, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, a bhaint amach, lena bhféachtar le cinntiú gur féidir le gach duine in Éirinn na healaíona a chruthú, sult a bhaint astu, agus páirt a ghlacadh iontu.