Creative February | Fuadar Feabhra
Make your mark. Fág do lorg.
Cuirimid fearadh na fáilte romhat Do Rian a Fhágáil an Feabhra seo. Tiocfaidh tú ar roinnt mhaith acmhainní agus smaointe ar an leathanach seo a chabhróidh leat páirt a ghlacadh i bhFuadar Feabhra.
Más maith leat gníomhaíochtaí i do scoil féin a roinnt, bain úsáid as an haischlib #fuadarfeabhra nó cur ríomhphost chugainn ag creativeschools@artscouncil.ie
Póstaeir Fuadar Feabhra
Tá an t-ealaíontóir Jeannine Storan tar éis an póstaer álainn seo a chruthú i gcomhar le scoláirí i mBunscoil na Toirbhirte Lios Tuathail agus Scoil Chríost an Rí, An Tóchar, Co. Chiarraí. Tá an póstaer deartha le go spreagfar thú Do Rian a Fhágáil. Cliceáil ar an íomhá le cóip as Béarla nó as Gaeilge a íoslódáil lena cur ar taispeáint i do shuíomh féin.


Na 10 moladh is fearr
Bain triail as cuid de na gníomhaíochtaí a mholtar ar ár bpóstaer Na 10 Moladh is Fearr.
Cliceáil ar an íomhá thíos le cóip as Béarla nó as Gaeilge a íoslódáil.


Acmhainní
Féach ar roinnt de na hacmhainní áille curtha ar fáil ag Chester Beatty don seomra ranga. Tabharfaidh na hacmhainní seo deis don scoláire an chruthaitheacht agus an fholláine a fhiosrú.

Roinneann John Hogan ó Amharclann Óige Luimnigh roinntcleachtaí drámaíochta a chuireann an fholláine agus an chruthaitheacht chun cinn sa seomra ranga.
1103 Cleachtadh Drámaíochta curtha le chéile ag John Hogan agus maisithe ag Róisín Clothier

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann tar éis roinnt gníomhaíochtaí galánta a roinnt gur féidir triail a bhaint astu le linn Fuadar Feabhra.
- Foghlaim faoi Scrín Bhróg Naomh Bríd leis na leathanaigh dathúcháin seo agus maisigh do Scrín Bróige féin
- Déan do chlog láimhe féin leis an ealaíontóir Renata Pekowska
- Déan iniúchadh ar shaol na bpréachán leis an ealaíontóir Jo agus foghlaim conas ceannbhearta inchaite de bhlaosc préacháin a dhéanamh

Iarrann Scoil an Teaghlaigh Naofa do Dhaoine Bodhra agus Club Amhránaíochta agus Comharthaíochta Bhaile Átha Í ort Comharthaíocht TCÉ a bhaineann le Naomh Bríd a fhoghlaim agus taitneamh a bhaint as amhrán álainn comharthaíochta do Naomh Bríd.
The Ark Kit & Caboodle
Is acmhainn dhigiteach úrnua agus SAOR IN AISCE do mhúinteoirí é Kit & Caboodle a bhaineann leis an gcuraclam amharc-ealaíne, agus é deartha agus curtha i láthair ag The Ark agus an Dr Lucy Hill.

Glac Sos
Gach seachtain cuirfimid gníomhaíocht éagsúil ar fáil a ligfidh do mhúinteoirí agus do scoláirí 10 nóiméad a ghlacadh le bheith cruthaitheach.
Seachtain 1
Is í Kelly Anderson a chuir Gníomhaíocht Ealaíne Creative Creatures ar fáil an tseachtain seo.
Seachtain 2
Roinneann Donna Lyttle agus daltaí ó Bhunscoil CBS in Inis Machnamh Cruthaitheach.
Seachtain 3
Bí i dteannta an ealaíontóra Silke Michels le haghaidh dhá ghníomhaíocht chruthaitheacha aireacha an tseachtain seo.
Seisiúin Inspioráide
Reáchtáladh ár Seisiúin Inspioráide agus fuarthas go leor comhairle agus moltaí iontu maidir le bheith rannpháirteach sa tionscnamh Fuadar Feabhra.
- Acmhainní do na Seisiúin Inspioráide
- Seisiúin Inspioráide: An Glucksman
- Seisiúin Inspioráide: Éigse Éireann
Roinn gníomhaíochtaí atá á reáchtáil i do scoil féin le do thoil ag baint úsáid as an haischlib #fuadarfeabhra nó trí ríomhphost a chur chugainn ag creativeschools@artscouncil.ie

Gairm ar Phodchraoltaí Iar-bhunscoile
Ba mhaith linn cloisteáil ó scoláirí faoin gcaoi a ndéanfaidh siad a Rian a Fhágáil mar chuid d’Fhuadar Feabhra.
Táimid ag cur fáilte roimh scoláirí iar-bhunscoile podchraoladh a chur isteach a mhaireann 4-5 nóiméad ar an ábhar ‘Conas a Fhágfaidh Tú Do Rian’.
Thíos, tá físeán agus treoir i bhfoirm PDFdeartha ag an ealaíontóir Helen Flanagan chun tú a threorú agus tú ag cur podchraoladh le chéile.
Tá roinnt smaointe iontacha ann chomh maith a mhol scoláirí ó Choláiste Bhréifne, i gContae an Chabháinagus ó Phobalscoil Ghuaire, i gContae Loch Garman maidir le habháir ar a bhféadfaí aghaidh a thabhairt mar chuid de phodchraoladh.

Conas do phodchraoladh a chur isteach:
- Cliceáil ar an nasc seo le rochtain a fháil ar ár bhfoirm thoilithe ar féidir í a roinnt le tuismitheoirí go díreach. *Ní féidir linn podchraoltaí a roinnt nó a ghlacadh gan cead iomlán a fháil. **Déan cinnte, le do thoil, go bhfuil an fógra príobháideachais léite agat sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm thoilithe.
- Nuair atá na foirmeacha líonta amach agat, seol do phodchraoladh i bhfoirm ríomhphoist chuig creativeschools@artscouncil.ie
- Cuirfimid podchraoladh do scoile ar ár suíomh gréasáin agus ar chuntais meán sóisialta na Comhairle Ealaíon.
Clár 1 de Phodchraoltaí Fuadar Feabhra
Coláiste Pobail Ghuaire
Clár 2 de Phodchraoltaí Fuadar Feabhra
Coláiste Breifne
Ceardlanna ar líne atá oiriúnach do pháistí bunscoile
Táimid ag cur ceardlanna ar líne ar fáil arís i mbliana atá oiriúnach do pháistí bunscoile. Bhí an-tóir orthu seo anuraidh, agus táimid ag súil leis an deis a chur ar fáil do scoileanna am a chur ar leataobh le bheith cruthaitheach le linn Fuadar Feabhra.
Imeacht Lá Fhéile Bríde
31 Eanáir 2025, 10r.n. go 11r.n.

Déan iniúchadh ar shaol Naomh Bríd leis an údar Caroline Busher, agus foghlaim tuilleadh faoin seanchas a bhaineann le brat Bhríde agus faoin tábhacht a bhaineann le crosóg Bhríde.
Gheofar taifeadadh den imeacht anseo le gur féidir leis na mic léinn taitneamh a bhaint as.
Chomh maith leis sin, tá bileog oibre le dul leis an seimineár gréasáin le go bhféadfaidh scoláirí a gClóca Bhríd féin a úsáid agus a chruthú: Marcáil Do Bhileog Oibre Mharcála.
Do Rian a Fhágáil
6 Feabhra 2025, 10r.n. go 11r.n.

Glac páirt i gceardlann ar líne leis an ealaíontóir agus an Comhlach Cruthaitheach Laura Ní Fhlaibhín ina ndéanfar an líníocht agus a bhfuil ag baint léi a fhiosrú.
Gheofar taifeadadh den imeacht anseo le gur féidir leis na mic léinn taitneamh a bhaint as.
Croíthe Oragámaí
6 Feabhra 2025, 10r.n. go 11r.n.

Glac páirt i gceardlann leis an ealaíontóir agus an Comhlach Cruthaitheach Maev O’ Shea agus scoláiríá dtreorú aici le croíthe oragámaí a chruthú. Scríobh litir ghrá chuig an gcruthaitheacht ar féidir leat í a choimeád laistigh sa chroí.
Gheofar taifeadadh den imeacht anseo le gur féidir leis na mic léinn taitneamh a bhaint as.