Conas a bheith i do Scoil Ildánach 

Aistear spreagúil fuinniúil é aistear na Scoileanna Ildánacha. Aistear treoraithe dhá bhliain is ea é ina ndéantar Plean Scoileanna Ildánacha — a bhaineann le do scoilse amháin — a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. 

Tá rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa phleanáil, sa chinnteoireacht agus sa mhachnamh an-tábhachtach go deo. 

Creatures, plants and animals made from colourful play dough sit on a drawn map with different locations markers
Oiliúint na gComhlach Cruthaitheach 2023. Grianghraf: Mark Stedman.

Ag Tosú 

I dtús báire, caithfidh do scoil clárú le córas sheirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon agus iarratas a chur isteach.

Baineann trí chéim leis an gclár ina dhiaidh sin: 

  1. An tábhacht atá ag an gcruthaitheacht i do phobal scoile a fhiosrú agus a chur in iúl. 
  2. An Plean Scoileanna Ildánacha atá curtha in oiriúint do do scoil/ionad a fhorbairt
  3. Do Phlean Scoileanna Ildánacha a chur i bhfeidhm

Cuirimid pacáiste tacaíochtaí ar fáil: 

  • Comhlach Cruthaitheach a oibreoidh le do scoil ar feadh suas le naoi lá sa bhliain thar dhá bhliain. 
  • Deontas €4,000 faoi choinne gníomhaíochtaí thar dhá bhliain. 
  • Oiliúint don Chomhordaitheoir Scoile (múinteoir). 
  • Líonrú agus rannpháirtíocht i dtionscnaimh náisiúnta, dála Fuadar Feabhra. 
  • Costais maidir le rochtain do dhaoine faoi mhíchumas: tá rún daingean ag an gComhairle Ealaíon ár gcláir mhaoinithe, agus an obair a mhaoinímid, a dhéanamh inrochtana do chách. Cuirimid costais rochtana ar fáil agus d’fhéadfaí a áireamh orthu siúd costais rochtana pearsanta agus costais as saothar Scoileanna Ildánacha do scoile a dhéanamh inrochtana do gach duine a ghlacann páirt ann. 

Níos mó eolais? 

  • Léigh Seisiún Eolais na Scoileanna Ildánacha i mBéarla agus i nGaeilge
  • Amharc ar ár rannán ina dtugtar cúnamh agus treoir faoi chúrsaí maoinithe más maith leat níos mó eolais a fháil faoin bpróiseas iarratais. 
  • Féach ar ár rannán ina dtugtar acmhainní Scoileanna Ildánacha. Is cinnte go dtabharfaidh sé treoir agus spreagadh duit i rith phróiseas na cruthaitheachta. 
Black and white artistic photography sits in a black plastic basin
Grianghrafadóireacht Choláiste Chiaráin.