Aistear na Scoileanna Ildánacha 

Reáchtáladh Scoileanna Ildánacha ar bhonn píolótach i ndornán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna in Éirinn sa bhliain 2018 mar bhealach leanbhlárnach chun deiseanna a chur ar fáil le haghaidh léiriú ealaíne agus chun tacú leis na deiseanna sin. 

Glacann na scoileanna páirt in aistear treoraithe dhá bhliain ar mhaithe le Plean Scoileanna Ildánacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Baineann an Plean sin lena scoil féin amháin. Déantar gach scoil nó suíomh rannpháirteach a phéireáil le Comhlach Cruthaitheach oilte, is duine a threoraíonn an fhoireann, na daltaí, na foghlaimeoirí agus na tuismitheoirí, agus a thugann tacaíocht dóibh. A bhuíochas leis an gComhlach Cruthaitheach, bíonn deis ag leanaí agus ag daoine óga a bheith i gcroílár na cruthaitheachta ina scoil. Is ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha, múinteoirí agus oideoirí iad na Comhlaigh Chruthaitheacha a bhfuil tuiscint acu ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht agus a cumas chun saol leanaí agus daoine óga a athrú ó bhonn. 

A series of decorative kite like sculptures hang from a series of wires with fairy lights.
Ceiliúradh na Gaillimhe ar Scoileanna Ildánacha. Grianghraf: Liam Kidney.

Ag obair le Comhlach Cruthaitheach 

Téann an Comhlach Cruthaitheach i gcomhairle le daoine óga faoi thimpeallacht na scoile, faoina dtaithí ar oideachas ealaíon agus faoin gcaoi a bhfoghlaimíonn siad. Uaidh sin, cruthaíonn sé/sí Plean Scoileanna Ildánacha inbhuanaithe ina mbaintear leas as an dúrud deiseanna sa scoil/ionad agus sa phobal i gcoitinne. I ngach scoil, labhraíonn leanaí agus daoine óga faoina bhfuil i gceist leis an gcruthaitheacht dóibh féin, éistear leo agus gníomhaítear de réir a gcuid smaointe.  

Bíonn na gníomhaíochtaí a dhéantar chomh suimiúil, chomh héagsúil agus chomh huathúil leis na leanaí féin, lena náirítear an sorcas, ailtireacht, oidhreacht, ceol, greann, litríocht, códú, na healaíona traidisiúnta, eolaíocht, gairneoireacht, scannánaíocht, dearadh, ceardaíocht, drámaíocht, na hamharc-ealaíona agus damhsa. 

A large group of adults stand outside a stone building with large windows. They stand smiling between two large colourful Creative Schools pop-ups
Teacht le chéile na gComhlach Cruthaitheach 2023

An tionchar atá ag clár na Scoileanna Ildánacha 

Ó cuireadh tús leis an gclár píolótach thiar sa bhliain 2018, tá scoileanna i ngach contae in Éirinn i ndiaidh páirt a ghlacadh ann. Bhí gach saghas scoile páirteach. Tugtar tús áite sa chlár do rannpháirtíocht Scoileanna DEIS, scoileanna beaga tuaithe, scoileanna speisialta, Gaelscoileanna agus Ionaid Ógtheagmhála. 

Dar leis an Meastóireacht ar Scoileanna Ildánacha leis an Dr Regina Murphy agus an Dr Eemer Eivers (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, 2022), bhí na rannpháirtithe (lena náirítear leanaí, daltaí, múinteoirí, príomhoidí, Comhordaitheoirí na Scoileanna Ildánacha agus ealaíontóirí agus cleachtóirí ealaíon tacaíochta) thar a bheith dearfach faoin gclár agus faoina n-eispéireas féin. Dúirt 99% de na scoileanna a ghlac páirt sa suirbhé go molfaidís an clár do scoileanna eile.

Young people sit talking and smiling in front of a stone wall with Creative Youth pamphlets
Daoine óga ag ceiliúradh sheoladh Óige Ildánach 2023. Grianghraf: Brian Cregan.