
Sula ndéanfaidh tú iarratas
Dá mba mhian leat iarratas a dhéanamh ar cheann dár scéimeanna maoinithe, tá sé tábhachtach pleanáil chun cinn a dhéanamh.
Faigh níos mó eolais – Sula ndéanfaidh tú iarratasTá ríméad ar TG4 agus ar an gComhairle Ealaíon séasúr nua ilDÁNA 2025 a fhógairt.
Leanann ilDÁNA ag cur le sceideal TG4 agus saothar amharclanna trí thacú le déanamh fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona.
Sa séasúr seo, ba mhaith linn suas le dhá fhad scannán shuntasacha faisnéise a mhaoiniú, le buiséad suas le €135,000 an ceann. Is é an rún atá againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach ann.
Fad a fháilteofar roimh iarratais a bhaineann le réimse ealaíne nó cleachtas ealaíne ar bith, ba mhaith linn fáilte ar leith a chur roimh iarratais trína bhfiosrófar foirmeacha ealaíne nach minic a gcuirtear faoi chaibidil iad i gcláracha faisnéise ealaíon i nGaeilge..
Treoirlínte ilDÁNA 2025:
Ní mór iarratais a dhéanamh chuig TG4 ar an gcóras iarratais ar líne.
Learn more about the scheme and how to apply through our partner organisaton, TG4
Sula ndéanfaidh tú iarratas
Dá mba mhian leat iarratas a dhéanamh ar cheann dár scéimeanna maoinithe, tá sé tábhachtach pleanáil chun cinn a dhéanamh.
Faigh níos mó eolais – Sula ndéanfaidh tú iarratasD’iarratas a ullmhú
A luaithe a bheidh na céimeanna sa chuid Sula nDéanfaidh Tú Iarratas curtha i gcrích agat, beidh sé in am d’iarratas a ullmhú.
Faigh níos mó eolais – D’iarratas a ullmhúD’iarratas a chur isteach
D’iarratas a shábháil nó a leasú Cliceáil ‘Sábháil Dréacht’ tráth ar bith chun d’iarratas a shábháil gan é a chur isteach. Is féidir leat teacht ar ais chuig d’iarratas agus…
Faigh níos mó eolais – D’iarratas a chur isteachAn dóigh a ndéanaimid measúnú ar d’iarratas
Déanaimid measúnú ar gach iarratas incháilithe a fhaighimid. Is é an aidhm atá againn a chinntiú go bhfuil córas cothrom trédhearcach ann maidir le maoiniú a dhámhachtain.
Faigh níos mó eolais – An dóigh a ndéanaimid measúnú ar d’iarratasTar éis measúnú a dhéanamh ar d’iarratas – an chéad rud eile a tharlóidh
Tabharfar fógra duit trí ríomhphost le do chur ar an eolas cé acu a d’éirigh nó nár éirigh le d’iarratas.
Faigh níos mó eolais – Tar éis measúnú a dhéanamh ar d’iarratas – an chéad rud eile a tharlóidhIarratais rochtana do dhaoine faoi mhíchumas
Táimid tiomanta dár scéimeanna maoinithe agus an obair lena dtacaímid a dhéanamh inrochtana do chách.
Faigh níos mó eolais – Iarratais rochtana do dhaoine faoi mhíchumas