Scéim na nEalaíon sa Luathfhoghlaim agus i gCúram Leanaí

Tugann Scéim na nEalaíon sa Luathfhoghlaim agus i gCúram Leanaí tacaíocht d’ealaíontóirí aonair agus d’eagraíochtaí dul i gcomhpháirtíocht le seirbhísí incháilithe chun deiseanna a fhorbairt do leanaí agus do pháistí óga chun iniúchadh a dhéanamh ar na healaíona agus sásamh a bhaint astu.

Díríonn sí ar chomhoibriú idir ealaíontóirí, oideoirí luathbhlianta, cleachtóirí cúraim leanaí ar aois scoile, teaghlaigh agus cúramóirí chun a ninniúlacht a fhorbairt sa réimse seo.

Achoimre ar an maoiniú 

Stádas an iarratais

Dúnta

Cineál iarratasóra

Eagraíocht, Ealaíontóir aonair

Uasmhéid dámhachtana

€40,000

Dáta oscailte

04/03/25

Spriocdháta

03/04/25

Am dúnta

17:30

Teileafón

01 618 0200

Treoirlínte agus teimpléid

Is iondúil go gcuirtear treoirlínte agus teimpléid dár scéimeanna ar fáil coicís roimh oscailt na scéime. 

Déan cinnte na doiciméid seo a íoslódáil agus a léamh in am trátha sula ndéanfaidh tú iarratas. 

An bhfuil tú réidh le hiarratas a dhéanamh?

Nuair a bheidh na doiciméid ghaolmhara don mhaoiniú seo léite agat, féadfaidh tú tosú ar d’iarratas.

Faigh cúnamh agus treoir maidir le maoiniú