Saoráil faisnéise
Cuireadh feidhm leis an Acht um Shaoráil Faisnéise i gcás Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí eile na hearnála poiblí ar an 21 Aibreán 1998 agus rinneadh nuashonrú air leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Tháinig an Chomhairle Ealaíon faoi scáth an Achta go déanach i nDeireadh Fómhair 2000. Bhunaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise (SF) trí cheart reachtúla nua:
- an ceart a bheith ag cách de réir dlí teacht ar eolas atá á choimeád ag comhlachtaí poiblí:
- an ceart a bheith ag cách de réir dlí eolas oifigiúil ina t(h)aobh a leasú i gcás go bhfuil sé neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach;
- an ceart a bheith ag cách de réir dlí míniú a fháil ar chinntí a imríonn tionchar air/uirthi féin
Dearbhaíonn an tAcht an ceart atá ag daoine den phobal rochtain a fháil ar eolas oifigiúil atá i seilbh na Comhairle Ealaíon a bheidh a mhéid is féidir é comhsheasmhach leis an leas poiblí agus le ceart príobháideachta daoine aonair.
Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise deartha chun rochtain phoiblí a cheadú ar eolas atá i seilbh comhlachtaí poiblí NACH bhfuil fáil air de ghnáth trí fhoinsí eile. Tá roinnt eisceachtaí ar chead rochtana ar eolas faoin Acht agus tá gnásanna agus teorainneacha ama ar leith ag baint leis.