Conas achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh maoinithe
Is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh maoinithe más rud é go gceapann tú:
- nár chloíomar lenár nósanna imeachta foilsithe don riarachán agus measúnú
- nár chuireamar i bhfeidhm ár nósanna imeachta foilsithe don riarachán agus measúnú
Ní mór duit a bheith in ann na cúiseanna le d’achomharc a thaispeáint dúinn.
Tá ár scéimeanna maoinithe thar a bheith iomaíoch; ar an meán, is é an seans go maoineofar ná iarratas as gach trí iarratas.
Tá na céimeanna chun cinneadh a cheistiú nó achomharc a dhéanamh mar a leanas:
- Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh linn ar dtús chun do cheist a phlé.
- Tar éis duit teagmháil a dhéanamh linn, más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh go fóill, scríobh chuig Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon le do thoil. Ní mór duit é sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón lá ar cuireadh an cinneadh faoin maoiniú in iúl duit, agus ní mór na cúiseanna ar leith a chur in iúl nó fianaise chun tacú le d’achomharc a chur ar fáil.
- Déanann foireann shinsearach agus comhaltaí boird na Comhairle Ealaíon athbhreithniú ar an achomharc laistigh de thrí seachtaine on lá a bhfuair siad d’iarratas. Cuirtear a gconclúidí agus moltaí isteach chuig bord na Comhairle Ealaíon dá gcéad chruinniú iomlánach eile.
- Ansin déanann bord na Comhairle Ealaíon cinneadh maidir leis an achomharc. Tá an cinneadh sin críochnaitheach.
- Cuirfimid ar an eolas faoin gcinneadh thú laistigh de sheacht lá oibre ón gcruinniú iomlánach.

Déan teagmháil linn
Le haghaidh ceisteanna a bhaineann le hachomhairc, ba cheart teagmháil a dhéanamh linn ag:
Ríomhphost: appealsandcomplaints@artscouncil.ie
Teil.: + 353 1 618 02 00
Achomhairc agus gearáin
70 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
D02 NY52