An dóigh a ndéanaimid measúnú ar d’iarratas 

Déanaimid measúnú ar gach iarratas incháilithe a fhaighimid. Is é an aidhm atá againn a chinntiú go bhfuil córas cothrom trédhearcach ann maidir le maoiniú a dhámhachtain. 

An chaoi a ndéanaimid cinntí maoinithe 

Bíonn scéimeanna maoinithe an-iomaíoch. Seo a leanas an próiseas cinnteoireachta: 

  1. Incháilitheacht. Déanaimid d’iarratas a sheiceáil i leith a incháilitheachta. Tugtar fógra d’iarratasóirí neamh-incháilithe trí ríomhphost. 
  1. Measúnú. Déanann ár gcomhairleoirí ealaíon agus/nó ár bhfoireann measúnú ar gach iarratas incháilithe faoi cé chomh maith agus a chomhlíonann sé na critéir mhaoinithe. 
  1. Measúnú tánaisteach. Má roghnaigh tú cineálacha ealaíne breise nó cleachtais ealaíon de bheith ábhartha do d’iarratas, féadfaidh an phríomhfhoireann iarraidh ar mheasúnú tánaisteach a fháil ó fhoireann eile. 
  1. Scór. Ar bhunús na gcritéar don scéim maoinithe seo, is é piarphainéal a scórálann an t-iarratas agus a dhéanann cinneadh ina leith, nó scórálann ár bhfoireann an t-iarratas agus déanann moladh ina leith. 
  1. Cinneadh. Tugann an Chomhairle Ealaíon cinneadh an phiarphainéil dá aire, nó déanann athbhreithniú agus cinneadh bunaithe ar mholadh na foirne. 
  1. Fógairt. Cuirfimid ar an eolas faoin gcinneadh thú. 
  1. Aiseolas. Is féidir leis an aiseolas a bheith áisiúil le haghaidh iarratais amach anseo. Le cóip de do mheasúnú a fháil, déan teagmháil leis an bhfoireann ábhartha. 
Two dancers are caught in motion in front of a gallery wall. They bend away from each other as their outstretched hands almost touch.
Seoladh Bheartas Damhsa na Comhairle Ealaíon, Advancing Dance, ag an RHA in 2022.

Cé hiad na comhairleoirí ealaíon agus na piarphainéalaithe? 

Cuireann comhairleoirí ealaíon saineolas breise agus comhairle straitéiseach ar fáil ar fud na limistéar dá dtugaimid tacaíocht.  

Déanann siad measúnú ar iarratais ar mhaoiniú, agus cuireann siad ar ghearrliosta iad ina réimse saineolais féin. Féadann siad measúnuithe tánaisteacha a chur ar fáil freisin ar iarratais lena mbaineann níos mó ná foirm ealaíne amháin.  

Déanann piarphainéalaithe athbhreithniú agus scóráil ar na hiarratais atá curtha ar an ngearrliosta, agus leithdháileann maoiniú bunaithe ar chritéir agus buiséad scéime. Tagann na painéalaithe ó réimse éagsúil dearcthaí ábhartha saineolaithe.  

Is iondúil gur triúr painéalaithe seachtracha ar a íosmhéid atá ar na painéil, arna bhfoinsiú ó fhadliosta an phiarphainéil. Forbraíodh an fadliosta trí phróiseas ainmniúchán thiar in 2018, agus rinneadh tuilleadh ainmniúchán in 2021 agus 2022. 

A person stops to look at an artwork in a white gallery space.
Swallowing Geography, Rachel Botha, ag an Ionad Cultúrtha Réigiúnach

Dearbhú leasa 

Tá Beartas maidir le Coinbhleacht Leasa (CL) ag an gComhairle Ealaíon lena chinntiú nach mbíonn tionchar éagórach le brath sa phróiseas measúnaithe. Le cóir agus cothroime sa chinnteoireacht a áirithiú, ní mór do bhaill foirne agus comhairleoirí coinbhleacht leasa a dhearbhú i gcás ina bhfuil: 

  • dlúthcheangal pearsanta nó gairmiúil acu leis an iarratasóir 
  • siad nasctha ar aon bhealach leis an iarratas.

Is féidir le ‘leas’ a bheith ar bhonn ‘airgeadais’ nó ‘neamhairgeadais’. 

  • Féadann ‘leas’ a bheith ina ‘leas airgid’: ina bhféadfadh duine tairbhe airgeadais a bhaint as cinneadh 
  • Féadann leas a bheith ina ‘leas neamhairgid’: gaol muintire, nó comhpháirtíochtaí, caidrimh phearsanta, nó comhpháirtíochtaí gnó idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, etc.

Ní mór don bhall foirne nó don chomhairleoir a leas a dhearbhú a luaithe agus is eol dóibh é. 

Cinnteoidh an Chomhairle Ealaíon nach mbeidh baint ag an mball foirne ná ag an gcomhairleoir le haon ghné den phróiseas cinnteoireachta a bhaineann leis an iarratas seo. 

Three young people stand in front of a large moon sculpture light from within
Museum of the Moon, Féile Lárshamhraidh Chorcaí. Grianghraf: Jed Niezgoda.

Céard a tharlaíonn ansin?

Tar éis measúnú a dhéanamh ar d’iarratas, seolfaimid ríomhphost chugat le do chur ar an eolas cé acu a d’éirigh nó nár éirigh le d’iarratas.