D’iarratas a chur isteach 

A luaithe a bheidh na céimeanna sa rannóg D’iarratas a ullmhú curtha i gcrích agat, ba cheart go mbeifeá réidh le d’iarratas a chur isteach.

Lean na céimeanna le d’iarratas a uaslódáil trínár dtairseach mhaoinithe, Seirbhísí ar Líne, agus cuir isteach é.

Bris an próiseas iarratais ina chéimeanna 

Gabh chuig leathanach logála isteach Seirbhísí Ar Líne.

Logáil isteach chuig do chuntas. 

Cliceáil ‘Déan Iarratas’ ag bun an leathanaigh. 

Faoi ‘Dearbhú aitheantais’, seiceáil go bhfuil na sonraí teagmhála cruinn. 

Má tá siad cruinn: cuir tic leis an ticbhosca in aice le ‘Deimhnigh go bhfuil do chuid sonraí cruinn’. 

Mura bhfuil siad cruinn: cliceáil ‘An gá duit do phróifíl a nuashonrú?’ agus déan do shonraí teagmhála a nuashonrú. 

Cliceáil ‘Ar Aghaidh’. 

Faoi ‘Roghnaigh clár maoinithe’, roghnaigh an scéim maoinithe ar mian leat iarratas a dhéanamh uirthi trí úsáid a bhaint as an roghchlár anuas Maoiniú. 

I gcás roinnt dámhachtainí, beidh ort an fhoirm ealaíne nó an réimse cleachtais ealaíon ábhartha a roghnú faoi ‘Dámhachtain atá ar Fáil’.

Iontráil ainm le haghaidh d’iarratais sa réimse ‘Do thagairt’. 

Mura bhfuil an fhoirm iarratais íoslódáilte agat cheana féin, cliceáil ‘Íoslódáil foirm iarratais’ leis an bhfoirm a íoslódáil don scéim seo.  Foghlaim tuilleadh faoi d’iarratas a ullmhú.

Cliceáil ‘Ar Aghaidh’. 

Tabhair faoi deara: Le linn duit an fhoirm a chomhlánú, is féidir go logálfar amach as Seirbhísí ar Líne thú. Is féidir leat síniú isteach arís chun leanúint ar aghaidh le d’iarratas a chur isteach. 

Faoi ‘An méid atá á iarraidh san iarratas’, iontráil an méid ba mhaith leat a iarraidh, an t-ioncam iomlán a bhfuil coinne agat leis, agus an caiteachas iomlán a bhfuil coinne agat leis. 

Ba cheart gurbh ionann an figiúr ‘Méid atá á iarraidh’ agus ‘Caiteachas iomlán’ lúide ‘Ioncam iomlán’. 

Tabhair faoi deara:  Ba cheart go mbeadh na suimeanna a chuireann tú isteach anseo ag teacht leis an méid a d’iontráil tú i d’fhoirm iarratais agus le haon chomhaid bhuiséid mhionsonraithe eile nuair is cuí.

Cliceáil ‘Ar Aghaidh’. 

Déan na sonraí faoi d’iarratas a sheiceáil go cúramach. 

Faoi ‘Dearbhú’, cuir tic leis an ticbhosca in aice le ‘Aontaím leis an dearbhú thuas’. 

Tabhair faoi deara: Ní féidir leat d’iarratas a chur isteach mura gcuireann tú tic leis an mbosca seo. 

Cliceáil ‘Cuir isteach’. 



D’iarratas a shábháil nó a leasú 

Cliceáil ‘Sábháil Dréacht’ tráth ar bith chun d’iarratas a shábháil gan é a chur isteach. 

Is féidir leat teacht ar ais chuig d’iarratas agus athruithe a dhéanamh air go dtí go gcuirfidh tú isteach é. 

Tar éis duit d’iarratas a chur isteach, ní bheidh tú in ann aon athrú eile a dhéanamh. Athbhreithnigh go cúramach é sula seolfaidh tú isteach é. 

Má thugann tú faoi deara go bhfuil botún déanta agat tar éis duit d’iarratas a chur isteach, déan teagmháil linn a luaithe agus is féidir. Beidh ort iarratas nua a chur isteach agus a chur in iúl dúinn cé acu ceann le tarraingt siar.

An féidir linn cabhrú leat? 

Déan teagmháil linn má bhíonn tacaíocht theicniúil uait agus d’iarratas á chur isteach agat. 

Ríomhphoist: onlineservices@artscouncil.ie
Teileafón: +353 1 618 0200


Tabhair faoi deara: Ní féidir linn tacaíocht theicniúil a ráthú duit má chuireann tú glao tar éis 2pm ar an spriocdháta. 

Conas a dhéanaimid d’iarratas a mheas?

Déanaimid measúnú ar gach iarratas incháilithe a fhaighimid. Is é an aidhm atá againn a chinntiú go bhfuil córas cothrom trédhearcach ann maidir le maoiniú a dhámhachtain.