D’iarratas a ullmhú 

A luaithe a bheidh na céimeanna sa chuid Sula nDéanfaidh Tú Iarratas curtha i gcrích agat, beidh sé in am d’iarratas a ullmhú.

Ní mór duit an fhoirm iarratais a chomhlánú don scéim maoinithe ar a bhfuil iarratas á dhéanamh agat. Beidh ort doiciméid tacaíochta agus naisc URL a ullmhú freisin a bheidh ábhartha do d’iarratas. 

Bris an próiseas iarratais ina chéimeanna 


1. Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil 

Le tosú ar d’iarratas a ullmhú, beidh ort an fhoirm iarratais cheart a fháil.   

Logáil isteach ar ár dtairseach mhaoinithe, Seirbhísí ar Líne. 

Roghnaigh an táb ‘M’iarratais’ agus ansin cliceáil ar ‘Déan iarratas’.

Beidh ort a dheimhniú go bhfuil do shonraí cothrom le dáta ar ár gcóras agus ansin an scéim mhaoinithe ábhartha a roghnú ón roghchlár anuas.  

Feicfidh tú ansin rogha chun ‘Íoslódáil an fhoirm iarratais’.

DANCEHALL BLUES de chuid CoisCéim Dance Theatre le David Bolger. Grianghraf: Ros Kavanagh.

2. An fhoirm iarratais a oscailt i gclár comhoiriúnach 

Ní foláir duit leagan deisce de Microsoft Word nó OpenOffice Writer a úsáid leis an bhfoirm iarratais a chomhlánú.  

Má tá gléas Mac á úsáid agat leis an bhfoirm iarratais a chomhlánú ar OpenOffice Writer, beidh ort leagan sonrach den ríomhchlár a úsáid. Braithfidh an leagan den ríomhchlár is gá duit a úsáid ar do chóras oibriúcháin (OS). 

Suiteán ag Féile Well agus clár ealaíon agus meabhairshláinte Iontas. Grianghraf: Keith Currams.

3. Comhlánaigh an fhoirm iarratais 

Tá codanna áirithe den fhoirm iarratais roghnach, ach tá codanna eile éigeantach.

Ní mór duit gach cuid éigeantach den fhoirm iarratais a chomhlánú. Mura ndéanann tú amhlaidh, beidh d’iarratas neamh-incháilithe agus ní féidir linn é a mheasúnú. 

Tá treoir i ngach cuid den fhoirm iarratais chun cabhrú leat a fháil amach an méid atá le cur san áireamh. 

Tabhair neart ama duit féin gach rannóg a chomhlánú chun cuidiú le hearráidí a sheachaint.  

Tá formáid speisialta ag an iarratas ionas gur féidir linn faisnéis a bhaint uaidh le measúnú a dhéanamh uirthi. 

Tá sé fíorthábhachtach go ndéanann tú na nithe seo a leanas: 

  • Clóscríobh taobh istigh de na boscaí liatha san fhoirm 
  • Ná léirscrios na boscaí liatha nó clóscríobh lasmuigh díobh

Mura gcloíonn tú leis an gcomhairle seo, ní uaslódálfar d’fhoirm iarratais chuig ár dtairseach mhaoinithe. 

A woman leans against a man who is in distress while a group of zombie-like people hold out their hearts to her. She appears to be dead.
Maria de Rudenz, Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman. Grianghraf: Clive Barda.

4. Ullmhaigh do dhoiciméid tacaíochta 

Ní mór duit doiciméid tacaíochta a áireamh le d’iarratas i dteannta d’fhoirme iarratais. 

Is cuidiú atá sna doiciméid sin don duine a bhfuil measúnú á dhéanamh aige ar d’iarratas le tuiscint shoiléir a fháil ar do thogra. 

Lena fháil amach na doiciméid tacaíochta nach foláir duit a chur isteach, féach ar na treoirlínte don scéim mhaoinithe ar a bhfuil iarratas á dhéanamh agat. 

Ní ghlacfaimid ach leis na doiciméid tacaíochta a uaslódálann tú i bhformáid leictreonach chuig tairseach maoinithe Seirbhísí ar Líne. 

Má tá doiciméid agat nach bhfuil i bhformáid leictreonach, ba cheart duit iad a scanadh agus a shábháil le go mbeidh tú in ann iad a uaslódáil. 

Ba cheart duit do dhoiciméid tacaíochta go léir a chur isteach i gcomhaid ar leithligh. 

Dragan ábhalmhór meicniúil ag siúl trasna Dhroichead Wolfe Tone istigh i gCathair na Gaillimhe le linn Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2023. Grianghraf: Andrew Downes.

5. Ullmhaigh do uaslódála nó naisc URL

Le samplaí de do chuid saothair a sholáthar dúinn, is féidir leat ceachtar de na bearta a leanas a dhéanamh: 

  • Iad a uaslódáil go díreach chuig Seirbhísí Ar Líne, má tá an méid comhaid comhcheangailte níos lú ná 40 meigeavata.
  • Naisc URL a úsáid (na seoltaí iomlána ina bhfuil d’ábhar óstáilte) chuig ardáin sruthaithe.
‘At Home in the Water’, Vanessa Daws. Arna thaisealbhadh in Fabrica, Brighton i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Réidh le d’iarratas a chur isteach?

Nuair a bheidh d’fhoirm iarratais comhlánaithe agat agus do dhoiciméid tacaíochta bailithe agat, beidh sé in am d’iarratas a chur isteach.