Sula ndéanfaidh tú iarratas
Dá mba mhian leat iarratas a dhéanamh ar cheann dár scéimeanna maoinithe, tá sé tábhachtach pleanáil chun cinn a dhéanamh.
Tabhair neart ama duit féin agus seiceáil go bhfuil an fhaisnéis ar fad agat agus a theastaíonn uait. Cabhróidh sé sin leat chun a chinntiú go gcuireann tú isteach d’iarratas comhlánaithe in am.
Bris an próiseas iarratais ina chéimeanna
1. Aimsigh scéim maoinithe ar a bhfuil cuma ábhartha duitse
Is í an áit is fearr chun é sin a dhéanamh ar an rannóg Funding opportunities ar ár láithreán gréasáin.
Roghnaigh scéim mhaoinithe agus seiceáil na nithe seo a leanas:
- an cineál iarrthóra atá i gceist
- cé mhéad maoinithe ar féidir leat iarratas a dhéanamh air?
- an dáta oscailte agus an spriocdháta d’iarratais

2. Léigh na treoirlínte agus seiceáil an bhfuil tú incháilithe
Gabhann treoirlínte dá cuid féin le gach scéim mhaoinithe. Ba cheart duit iad sin a léamh má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a chur isteach.
Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil ó leathanach na scéime ábhartha sa rannóg Deiseanna maoinithe dár láithreán gréasáin.
Bain úsáid as na treoirlínte le seiceáil an bhfuil tú incháilithe chun iarratas a chur isteach agus le foghlaim faoin scéim.
Cuimhnigh nach féidir linn d’iarratas a mheasúnú ach amháin má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta.

3. Cláraigh le haghaidh cuntais ar an tairseach mhaoinithe Seirbhísí ar Líne
Ní mór duit cuntas a chruthú ar Thairseach Mhaoinithe Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon le hiarratas a dhéanamh.
Cláraigh go luath. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil orainn do chlárúchán a phróiseáil.

4. Seiceáil an bhfuil na bogearraí atá ar do ríomhaire comhoiriúnach lenár gcóras
Ní mór duit ríomhaire deisce nó glúine a úsáid chun d’iarratas a chur isteach. Ní féidir iarratas a chur isteach agus fón póca, táibléad nó gléas eile in úsáid agat.
Ní mór duit an leagan deisce de Microsoft Word nó OpenOffice Writer a úsáid leis an bhfoirm iarratais a chomhlánú.
Déan cinnte de go bhfuil ceann amháin de na ríomhchláir seo suiteáilte ar do ríomhaire agat.

5. Pleanáil an t-am a bheidh de dhíth ort le d’iarratas a ullmhú
Ba cheart duit go leor ama a fhágáil chun ullmhú le d’iarratas a chur isteach.
Déantar amhlaidh ionas go mbeidh dóthain ama agat chun an t-iarratas is fearr agus is féidir a dhéanamh.

Réidh chun tús a chur le d’iarratas?
A luaithe a bheidh na céimeanna sa chuid seo curtha i gcrích agat, beidh sé in am d’iarratas a ullmhú.