Áiteanna Ildánacha | Cumas Ceantar 

Le tacaíocht ó ealaíontóirí agus faoi stiúir mhuintir na háite, déantar ceiliúradh le hÁiteanna Ildánacha ar na healaíona á spreagadh ag an bpobal. 

Is clár infheistíochta leanúnaí sna healaíona é Áiteanna Ildánacha/Cumas Ceantar, a bunaíodh in 2019, a chuireann ar chumas daoine cláir ealaíon bheoga, inrochtana agus spreagúla a chruthú agus a reáchtáil ina gceantar áitiúil féin. 

Tá comhordaitheoir ag gach Áit Ildánach a oibríonn leis an bpobal áitiúil chun tionscadail chruthaitheacha a fhiosrú, a phleanáil agus a sheachadadh thar théarma trí bliana. Tá an cur chuige cuimsitheach, éagsúil agus rannpháirteach seo fite fuaite le cleachtas ealaíon atá gníomhach go sóisialta agus le prionsabail na forbartha pobail. 

Cuireann duine óg de phobal Bhaile Átha Í gotha air féin mar fhreagairt ar mhúrphictiúr ISLA le haghaidh Áiteanna Ildánacha Bhaile Átha Í. Grianghraf: James Mahon