Oíche Chultúir
Oíche dár Saol
19 Meán Fómhair 2025
Ócáid uile-oileáin, do chách, atá saor in aisce i gcónaí! Is ceann de na himeachtaí cultúir is mó sa tír í Oíche Chultúir, agus tugtar cuireadh do dhaoine ar fud na hÉireann na healaíona a cheiliúradh agus bheith páirteach i rud éigin speisialta an oíche sin. Tugtar léiriú ar cháilíocht ealaíona agus chultúr na hÉireann ar Oíche Chultúir, cuirtear gníomhaíochtaí i láthair daoine de gach aois agus cothaítear deiseanna nua le bheith rannpháirteach sna healaíona.
Meas a léiriú ar shaibhreas ár gcultúir
Tá ag éirí thar cionn le hOíche Chultúir ó bunaíodh í sa bhliain 2006. Bíonn sí ar siúl an Aoine roimh an Aoine dheireanach de mhí Mheán Fómhair gach bliain. Reáchtáiltear í i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla, institiúidí agus daoine aonair in earnáil na nealaíon agus an chultúir ar fud na tíre. Cruthaíonn sí deiseanna móra straitéiseacha chun lucht féachana/éisteachta a fhorbairt ó cheann ceann na bliana.
Déantar oscailteacht, fiosrú, samhlaíocht agus tallann chruthaitheach uathúil na hÉireann a cheiliúradh ar Oíche Chultúir trí imeachtaí i bpearsa, imeachtaí ar líne agus imeachtaí craolta. Fanann na hionaid tionóil ar oscailt go déanach agus bíonn na gníomhaíochtaí saor in aisce.

Read Mór
Is imeacht bliantúil mar chuid den Oíche Chultúir é an tionscadal bronnta leabhar Read Mór. Cruthaíodh é chun daoine a bhféadfadh sé nach mbeadh siad in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Oíche Chultúir a chuimsiú.
Ón mbliain 2022 i leith, leis an tionscnamh Read Mór, tugadh áthas na léitheoireachta do phaisinéirí ag taisteal ar sheirbhísí Idirchathrach Iarnród Éireann agus ar sheirbhísí Luasbhealach Bhus Éireann, d’othair in ospidéil roghnaithe ar fud na tíre agus do dhaoine i 13 phríosún ar fud na tíre.

Oíche Chultúir: An tAm atá caite agus an Todhchaí
Bhí 1,205,834 duine rannpháirteach i 1,700 imeacht Oíche Chultúir sa bhliain 2023. Mar fhreagairt ar shuim an phobail in imeachtaí déanacha agus ar Thuarascáil Thascfhórsa Gheilleagar na hOíche (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, 2021), tionóladh 19 nimeacht suaitheanta déanach san oíche i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Corcaigh, Luimneach, Baile Átha an Rí, Cluain Meala, Clár Chlainne Mhuiris, Ceatharlach, Béal an Átha, Lios Tuathail, Trá Lí, Baile Brigín agus Bré.
Is tuarascáil um athbhreithniú fianaise, taighde agus comhairliúchán le Janice McAdam, Annette Nugent agus Heather Maitland é Eolas le haghaidh Thodhchaí Oíche Chultúir (an Chomhairle Ealaíon, 2021). Is buaic í an tuarascáil seo ón gclár taighde náisiúnta fairsing, inar úsáideadh sonraí a bailíodh suas go 2020 chun éabhlóid Oíche Chultúir a rianú, chun luach poiblí reatha agus féideartha Oíche Chultúir a thuiscint agus chun tagarmharc agus moltaí a chur ar fáil le haghaidh a hathbhreithnithe, a físe agus a seachadta amach anseo.
Faigh tuilleadh eolais faoin Oíche Chultúir
Lean ár gcainéil ar na meáin shóisialta agus cláraigh le haghaidh nuachtlitir Oíche Cultúir:
Inis dúinn faoi d’Oíche Chultúir agus bain úsáid as na haischlibeanna:
- #CultureNight
- #OícheChultúir
- #OneNightForAll
- #OícheDarSaol